Dáil debates

Tuesday, 29 November 2016

Priority Questions

Foireann Roinne

5:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Déantar athbhreithniú rialta ar líon foirne na rannán go léir i mo Roinn ar aon dul leis na riachtanais ghnó a thagann chun cinn mar chuid de phróiseas pleanála na Roinne don fhórsa oibre. Nuair a thagann post folamh chun cinn ar aon chúis, ní chaitear leis ar bhonn aonair mar phost atá le líonadh go huathoibríoch. Ina áit sin, déantar scrúdú criticiúil ar riachtanas leanúnach phoist gan líonadh dá leithéid mar chuid de phróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre, ag cur tosaíochtaí foirne reatha eile i gcuntas i gcomhthéacs pholasaí an Rialtais i ndáil le pá agus soláthar foirne na hearnála poiblí, de réir mar atá curtha in iúl ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá trí phost á líonadh faoi láthair i ránnán Gaeltachta na Roinne. Is iad seo stiúrthóir na Gaeilge, folúntas a tháinig chun cinn i mí Eanáir 2016, príomhoifigeach, folúntas a tháinig chun cinn i mí Mheán Fómhair 2016, agus oifigeach feidhmiúcháin, folúntas a tháinig chun cinn i mí na Nollag 2015.

Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an feachtas earcaíochta do phost stiúrthóir na Gaeilge a fhógairt ar an 9 Meán Fómhair 2016 ar www.publicjobs.ie. Meastar go líonfar an post seo a luaithe a bheidh an comórtas curtha i gcrích sna seachtainí atá amach romhainn.

Tá post mar phríomhoifigeach á líonadh ag mo Roinn freisin i rannán na Gaeltachta trí chomórtas inmheánach. Déanfar agallaimh don phost seo a reáchtáil ar an 12 Nollaig 2016. Meastar go gceapfar duine ón phainéal a chuirfear le chéile mar thoradh na hagallaimh sin mar phríomhoifigeach faoi dheireadh na bliana.

Tá mo Roinn ag breathnú freisin ar an fhéidearthacht a bhaineann le hoifigeach feidhmiúcháin a thrasaistriú chuig an oifig sna Doirí Beaga. Níl aon chinneadh déanta go dtí seo maidir leis an tríú príomhoifigeach a cheapadh do rannán na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.