Dáil debates
Tuesday, 15 November 2016
Questions on Proposed Legislation
3:40 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
I rith na Dála deireanaí, d'fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cuireadh i gcoiste é. Ní raibh mórán glactha ag an gcoiste leis an mBille a bhí foilsithe ag an am sin. Tá ceist an-simplí agam ar an Taoiseach. An bhfuil sé i gceist ag an Aire cinn Billí nua a fhoilsiú agus iad a chur ar ais ag an gcoiste nó an bhfuil sé i gceist aici dul ar aghaidh agus an Bille leasaithe a fhoilsiú mar Bhille? Cé acu a bheidh ann: cinn Billí leasaithe nó Bille bunaithe ar an rud a bhí curtha faoi bhráid an choiste cheana?
No comments