Dáil debates
Thursday, 20 October 2016
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Cistiúchán Roinne
3:00 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Chas feidhmeannaigh ó RTE leis an Aire, an Teachta Denis Naughten, coicís ó shin chun cúrsaí buiséid a phlé i mo Roinn eile, an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Táimid ag fanacht ar phleananna do chúrsaí Gaeltachta agus pleananna atá acu. B'fhéidir go bhféadfadh muid breis airgid a dháileadh ón Roinn sin.
Ó thaobh an bhuiséid reatha, tá sé pléite againn le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go mbeidh an t-údaras in ann cuid den airgead reatha breise atá curtha ar fáil a fháil. Táim ag fanacht ar mholadh ó Údarás na Gaeltachta maidir le sin. Bheadh siad in ann é sin a úsáid do na heagraíochtaí Gaeltachta agus oileán ar fud na tíre. Chas mé le Údarás na Gaeltachta roimh an mbuiséad. Tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú. Tá sé pléite agam leis an bpríomhfheidhmeannach chun na hacmhainní sin a chur ar fáil dó.
No comments