Dáil debates

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Aire Stáit, ghealladh go mbeadh airgead mór ar fáil do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Níl sé ann. Tá airgead an-bheag i gceist ó thaobh chúrsaí reatha de. Tá €1.4 milliún breise ann. An tuiscint atá agam ón méid a dúirt an tAire liom go dtí seo ná, in ainneoin an rud a dúirt sé le gairid liom i gceist Dála, go mbeidh sé in ann brú ar aghaidh le céibh Inis Oírr. Molaim é sin. Molaim, go deimhin, an chaoi a chaith an tAire Stáit an t-airgead i mbliana. Ceapaim go ndearna sé i gceart é, ach caithfimid a bheith ag breathnú romhainn.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit scéimeanna feabhais don Ghaeltacht agus do na hoileáin go ginearálta a chur chun cinn, taobh amuigh do na tograí móra? Agus é chomh gann ar airgead reatha do na pobail, mar shampla na bainisteoirí comharchumainn, cén fáth an bhfuil an Roinn ag tabhairt airgid do RTE, a bhfuil dualgas reachtúil air i leith na Gaeilge, agus €150 milliún d'airgead an cháiníocóra le plean Gaeilge a chur chun cinn? B'fheidir go bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt ar an gceist sin ina fhreagra freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.