Dáil debates

Tuesday, 11 October 2016

Financial Resolutions 2017 - Financial Resolution No. 1: Tobacco Products Tax

 

9:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé chun chur i gcoinne an rúin airgeadais seo maidir le hardú cánach ar tabac, toitíní agus a leithéid. Ní hé go bhfuil mé i gcoinne an pholasaí ó thaobh sláinte poiblí. Tá mé go huile is go hiomlán i bhfábhar pholasaí atá curtha chun cinn chun iarracht a dhéanamh an drochrud seo maidir le tabac atá á dhéanamh thar na cianta sa tír seo a bhriseadh sa deireadh thiar thall. Ach má tá rún airgeadais os ár gcomhair atá ann díreach ar mhaithe le cáin a hardú seachas polasaí sláinte poiblí a chur chun cinn, tá muid chun chur ina choinne.

Ní léir domsa sa mhéid atá ráite anocht nó níos luaithe go bhfuil aon rud ann a chinnteoidh go mbeidh breis airgid dírithe ar déileáil le drochstaid ár gcórais sláinte. Ní léir domsa, ach go háirithe, go mbeidh an t-airgead tuillte faoin rún seo, nó an cháin ar tabac ina iomlán, curtha ar leathtaobh nó i gciste áirithe chun déanamh cinnte de go mbeadh sé dírithe ar chóras nó ar fheachtas poiblíochta dírithe orthu siúd atá ag caitheamh tabac nó orthu siúd a bhíonn ag díriú ar a leithéid mar atá déanta cheana. Ba chóir go mbeadh sé dírithe ar na hábhair atá ann chun cuidiú le daoine atá gafa ag an tabac éirí as é a chaitheamh - ar nós paistí Nicorette - chun go mbeadh na hábhair sin níos saoire agus go mbeadh níos mó fáil orthu.

Níl muid i gcoinne an pholasaí, ach níl aon rud curtha faoinár mbráid inniu a léiríonn go mbeidh aon tionchar mór ar mhaithe le sláinte poiblí ag an ardú cánach seo. Measaim go bhfuil dallamullóg i gceist arís. Tá sé déanta le tamall de bhlianta anuas, ní díreach ag an Rialtas seo ach ag Rialtais roimhe seo trí ardú cánach a chur ar tabac, leis an dallamullóg curtha acu go mbeadh an t-airgead sin le bheith caite ar aon bhealach ceart. Is cuimhin liomsa an argóint seo a dhéanamh beagnach deich mbliana ó shin. An freagra a bhfuair mé ag an am ná nach bhféadfadh an Rialtas sin cáin a cheangail ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ach is féidir nuair is mian leis an Rialtas. Sin an rud nach bhfuil ag tarlú anseo. Déantar é i gcás na cánach atá gearrtha orthu siúd atá ag cur bets ar chapaill nó a leithéid. Cuirtear é sin ar leaththaobh agus tagann an Rialtas os comhair na Dála gach bliain chun déileáil leis an tuarascáil bliantúil ar conas mar atá an t-airgead sin caite. Ní dhéantar an rud céanna i gcás na cánach ar alcól, toitíní, tabac nó a leithéid sin.

Bheadh sé difriúil dá mbeadh sé faoinár mbráid agus leagtha síos go díreach anocht cá rachadh an t-airgead a bheadh tuillte ón gcáin seo. Níl sé iomlán soiléir go díreach cé mhéad airgead a bheidh tuillte as seo. Nuair a chuirtear an cheist ar na Coimisinéirí Ioncaim, níl siad cinnte. Deir siad go dtiocfaidh méid áirithe as ach go gcaithfear breis airgid a chaitheamh ina threo chun é a thuilleamh. Chomh maith leis sin, toisc go bhfuil an praghas ag ardú, b'fhéidir go n-éireoidh daoine as an tabac, ach b'fhéidir nach n-éireoidh. B'fhéidir go mbeidh i bhfad Éireann níos mó den smuigléireacht ag tarlú, mar atá tarlaithe le blianta. B'fhéidir fiú go mbeadh níos mó daoine atá ag taisteal thar lear ag tógáil an méid is mó toitíní ar ais leo is gur féidir. Bhí mé thar lear le déanaí agus bhí gach uile duine a bhí ag taisteal ar ais go hÉireann ag ceannacht toitíní i stáit Eorpacha eile agus iad i bhfad níos saoire ná mar atá siad in Éirinn.Tá dallamullóg á dhéanamh againn muna bhfuil na cánacha céanna á gcur ar ghnéithe cosúil le tobac agus alcól, srl., ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leis an ngnáthdhuine atá ag taisteal chun na hEorpa timpeall 800 toitín a thógaint isteach. Tá caillteanas i gceist ós rud é go gcosnaíonn 200 toitín thart ar €40 sa Spáinn ach thart ar €110 sa tír seo, agus i bhfianaise gur féidir le daoine sé nó seacht paicéad a thógaint isteach. Níl mé cinnte faoi na figiúirí sin toisc nach gcaithim tobac. Má tá difríocht de €70 i gceist ar gach paicéad, is caillteanas mór é do na Coimisinéirí Ioncaim. Má ardaíonn an Rialtas an cáin seo mar atá beartaithe gan an ardú céanna i dtíortha eile, beidh níos mó daoine ag iompórtáil toitíní sa chaoi atá luaite agam. Tá súil agam nach n-éireoidh leis an gcinneadh seo anocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.