Dáil debates

Wednesday, 5 October 2016

Questions on Proposed Legislation

 

1:05 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ó thaobh chlár gníomhaíochta an Rialtais, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na leasuithe atá beartaithe, an féidir leis an Taoiseach soiléiriú a thabhairt dom maidir le scéim na gcúntóirí teanga agus an laghdú airgid atá i gceist? Níl an scéim in ann feidhmiú. Seo scéim bunúsach san Iarthar. Faoin scéim, téann cúntóirí isteach sna scoileanna agus tugann siad cabhair do na gasúir an Ghaeilge a shealbhú agus a láidriú. Cén chaoi is féidir leis, mar Thaoiseach, seasamh taobh thiar den gcinneadh agus an gearradh siar atá i gceist? Níos tabhachtaí, an féidir leis geallúint a thabhairt dom go mbeidh athbhreithniú ar an gcinneadh sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.