Dáil debates

Tuesday, 4 October 2016

3:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceithre phíosa reachtaíoctha faoina bhfuil mé ag iarraidh roinnt eolais a fháil. Is é an national monuments Bill an chéad cheann. Táimid fós ag fanacht air le tamall maith de bhlianta. Bhí sé os comhair an Rialtas deireanach agus an Rialtas roimhe sin. Bhí sé luaite go raibh sé ag teacht os ár gcomhair. An bhfuil aon dul chun cinn déanta?

Bhí an official languages (amendment) Bill os comhair an choiste ag pre-legislative stage sa Dáil deireanach. An bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh leis nó an bhfuil athdhréachtú le déanamh ar an mBille sin?

An tríú cheann ná an digital hub development agency. Táimid ag fanacht ar sin ó 2011 agus níl cuma air go bhfuil sé ag teacht os ár gcomhair. Tá sé ag cur baic ar an dul chun cinn gur féidir a dhéanamh i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ach go háirithe.

An cheathrú cheann ná ceann atá an-tábhachtach anois agus muid ag tnúth le dul chun cinn ar an ospidéal bainteach leis an new children's hospital establishment Bill. Considering that works are in progress on the site, it is strange that the new children's hospital establishment Bill, which will set up the committee and organisation to run the hospital, has still not been laid before the Dáil. When is its pre-legislative stage intended?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.