Dáil debates
Wednesday, 28 September 2016
Water Charges: Motion [Private Members]
4:50 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an rún seo os comhair na Dála inniu toisc na hathruithe atá tar éis teacht ar an staid a ghlac Fianna Fáil go dtí seo maidir le táillí uisce. Tá daoine eile tar éis é sin a lua cheana féin. Ní hamháin go bhfuilimid ag lorg fáil réidh leis na táillí uisce; táimid ag lorg go mbeadh ar aon Rialtas amach anseo infheistiú ceart a dhéanamh ionas go mbeadh córas uisce agus córas séarachais ceart againn. Sin córas nua-aimseartha ar a féidir linn brath air. Níl sé sin ag tarlú faoi láthair. Níor tharla sé faoi na Rialtais a bhí againn le tamall maith de bhlianta agus ó fuair Fianna Fáil réidh leis na rátaí in 1977. Sin an uair a thosaigh an fhadhb mhór i gcúrsaí airgeadais nó maoinithe na n-údarás áitiúil. Caithfidh muid bheith dáiríre faoi seo. Caithfimid ní hamháin fáil réidh le táillí uisce; caithfimid na húdaráis áitiúla a mhaoiniú chomh maith.
No comments