Dáil debates
Wednesday, 22 June 2016
The Arts: Motion [Private Members]
6:15 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá áthas orm an deis a bheith agam labhairt ar na cursaí seo. Táim an-bhuíoch agus gabhaim comhghairdeas leis an Teachta Smyth as ucht an díospóireacht seo a chuir romhainn agus an deis cainte a thabhairt dúinn. Táim cinnte go gcabhróidh an rún seo agus an díospóireacht a bhaineann leis le todhchaí na healaíne sa tír seo. Ní féidir a shéanadh go bhfuil stair na teanga, na ealaíona cruthaitheacha, an cultúr agus an dúchas mar aon aonad amháin nuair atá cursaí ealaíne á phléigh. Caithfear a thusicint go bhfuil sé mar cheann de na hábhair is mó a thugann aitheantas dúinn timpeall na cruinne.
No comments