Dáil debates

Wednesday, 22 June 2016

The Arts: Motion [Private Members]

 

5:45 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

I commend Deputy Niamh Smyth on bringing this motion to the House. I and my Green Party colleague Deputy Eamon Ryan will be more than happy to support it. Without the necessary governmental support the arts cannot flourish, and we need them to flourish for the very sake of our heritage. We need the arts to be strong and independent. Yet Ireland is currently ranked at the bottom of the European league for Government investment in culture and the arts. It is essential that we consider and recognise in the House how intrinsic the arts are to our soul as a nation.

Tá clú agus cáil ar ealaíontóirí, filí, scríbhneoirí is ceoltóirí an náisiúin seo ar fud an domhain. Cloistear rithim an tsaoil sa cheol. Mar chine Ceilteach, tá tobar na samhlaíochta go smior inár gcnámha ó chianaibh. Ach táim buartha nach bhfuil an Stát faoi láthair airdeallach go leor ar na dushláin a bhfuil le sárú ag lucht ealaíne na linne seo ó thaobh maoiniú a chur ar fáil do na hearnálacha proifisiúnta agus áitiúla. Cé go gcaithfear geilleagar an tíre a bheathú, caithfear an cheist seo leanas a chur freisin. Cá mbeadh sochaí na hÉireann gan ionsporáid agus fealsúnacht na n-ealaín? Is tríd ár gcuid litríochta, filíochta, amhránaíochta agus cruthaitheachta a gcuirfimid ár n-oidhreacht agus ár bhféiniúlacht in iúl ní hamháin don domhain ach dúinn féin mar Éireannaigh. Is trí phroiséas na cruthaitheachta a nochtar macasamhail, coinsias agus cuisle chine.

Is maith an scáthán súl ealaíontóra ar anam na ndaoine. Soláthraíonn an dánlann, an amharclann agus an iarsmalann tearmann dúinn ó thrioblóidí an tsaoil ionas gur féidir linn teacht chugainn féin agus tuiscint a bheith againn ar ár mothúcháin daonna agus ar ár n-áit sa domhan. Mar shochaí, caithfimid a bheith dílis dár dtraidisiún cruthaitheachta agus tairseach na samhlaíochta a thrasnú i dteannta le chéile. Tá fíorú físe na todhchaí á lorg againn. Is údar imní é nach n-aithníonn an Rialtas nua seo luach saothar na n-ealaín gan trácht ar shaibhreas oidhreacht na nGael mar chroílar an náisiúin seo. O thaobh an gheilleagair, ní mór dúinn cuimhniú go dtagann na mílte turasóirí go hÉireann ar thóir na n-ealaín. Is scannallach an rud é sa lá atá inniu ann nach gceapann an Rialtas gur fiú Roinn le stádas neamhspleách a bheith ag an earnáil oidhreachta agus ealaíne. Is náire atá ann don Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.