Dáil debates

Thursday, 2 June 2016

Election of Leas-Cheann Comhairle

 

11:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom tacú le ainmniúcháin an Teachta Seán Crowe mar Leas-Cheann Comhairle mar ceapaim go dtabharfaidh sé fuinneamh breise chuig an ról sin. Tuigfidh éinne a bhfuil aithne aige nó aici ar an Teachta Crowe thar na blianta sa Teach seo gur parlaiminteoir an-chothrom é agus go dtabharfaidh sé faoin obair go díchealleach, mar a dhein sé thar na blianta. Bheadh sé an-ábalta sa phost lárnach mar Leas-Cheann Comhairle.

Mar a luaigh an Teachta Adams, tá an Teachta Crowe tar éis a bheith gafa thar na blianta le nithe móra sa bpolaitíocht, go háirithe ina ról lárnach i bpróiseas na síochána sna 1990í. Tuigfidh éinne a bhfuil cuimhne acu ar na laethanta nua sin, go raibh ról lárnach aige ag déanamh iarrachta teacht timpeall ar choscanna a chuir an Stát i gcoinne Shinn Féin chun a dhéanamh cinnte de go mbeadh deis againn an próiseas síochána sin a phlé. D'eagraigh sé ardfheis spéisiúil ina cheantar fein, i dTamhlacht, a dhein plé ar doiciméad rí-thábhachtach ag an am agus ó shin a leag an bunchloch don phróiseas a tháinig ina dhiaidh agus bunchloch do Chomhaontas Aoine an Chéasta.

Bheadh an Teachta Crowe an-mhaith mar Leas-Cheann Comhairle. Féach ar an stair atá aige sa Teach seo ó toghadh ar dtús é i 2002 agus ó 2011 ar aghaidh. Bhí cur chuige an-mhaith agus an-dícheallach aige sa Teach agus ar na coistí ina ról mar pharlaiminteoir. Ghlac sé ról tábhachach i bpáirtí Shinn Féin mar urlabhraí ar ghnónna éagsúla, go háirithe mar ionadaí coistí éagsúla thar lear thar ceann na Parlaiminte ar fad agus thar ceann na Dála. Duine é atá tar éis dul i dtaithí ar an áit seo agus tá an taithí cuí aige a bheadh mar buntáiste dúinn dá mbeadh sé mar Leas-Cheann Comhairle, ní dúinne mar Shinn Féin ach do na Teachtaí Dála ar fad sa Teach.

Molaim an ainmniúchán seo agus tá súil agam go mbeidh daoine in ann teacht salach ar na difríochtaí parlaiminte atá i gceist agus go mbeidh siad in ann vóta a chaitheamh leis an Teachta Seán Crowe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.