Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

3:00 pm

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim fíorbhuíoch as ucht an seans labhairt ar an ábhar seo. Mar Theachta atá ag foghlaim an teanga fós, bhí an-díoma orm anseo inniu roimh lón ag éisteacht leis an snobbery teangach a bhí ann. Bhí an-díoma orm agus níl aon áit don snobbery sin a bhí ar siúl.

Tá a lán dul chun cinn déanta againn mar thír leis an teanga ach tá dáinséir ann freisin agus caithfimid níos mó a dhéanamh as seo amach sa todhchaí chun an teanga a shábháil agus a fhorbairt. Tá sé soiléir go bhfuil gach duine anseo ag déanamh a ndícheall agus caithfimid níos mó a dhéanamh mar thír agus mar Rialtas chun an teanga a chur chun cinn.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith a rá go bhfuil an-dul chun cinn pearsanta déanta ag an Aire Stáit, Teachta Joe McHugh leis an teanga agus go bhfuil sé inspioráideach do a lán daoine timpeall na tíre atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim nó atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim arís. Is rud an-tábhachtach é sin agus deirim maith thú leis an Aire. Rinne sé iarracht an-mhór agus, mar a dúirt mé, tá sé inspioráideach do a lán daoine.

Níl ach cúpla nóiméad agam anseo, mar sin ba mhaith liom cúpla smaointe beaga a chur os comhair an Aire. Rud amháin ná twinnings, nó ceangailte oifigiúla idir áiteanna sa Ghaeltacht agus áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an pobal ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Chomh maith le sin, d'fheadfadh an Rialtas stádas síol-Ghaeltacht, nó seed Gaeltacht, a bhronnadh ar áiteanna atá ag déanamh iarracht mhór an teanga a chur chun cinn don chéad uair. B'fhéidir go mbeadh seans ag an Aire na smaointe sin a fhorbairt. Is smaointe beaga iad ach b'fhéidir go bhfuil spás ann rud éigin a dhéanamh fúthú.

Mar Theachta ó Dháilcheantar Gaeltachta, Corca Dhuibhne, i mo thuairimse is é an rud is tábhachtaí don teanga sa Ghaeltacht ná postanna a chruthú agus a choimead. Caithfimid níos mó a dhéanamh, go háirithe maidir leis an infreastruchtúr sa Ghaeltacht. I gCorca Dhuibhne faoi láthair, tá áthas mór orm go bhfuil tógáil an bhóthair nua N86 idir Trá Lí agus an Daingean ag tosnú go luath. Beidh an fhorbairt sin an-tábhachtach don leithinis go léir. Tabharfaidh an bóthar sin seansanna níos fearr dúinn na tionscail go léir a fhorbairt agus postanna a chruthú agus a choimead ar an leithinis. Táim an-sásta go bhfuil Fine Gael agus an Rialtas ag cur airgead mór isteach sa bhóthar sin.

Ar an taobh eile den scéal, caithfimid níos mó a dhéanamh le broadband. Tá easpa broadband mór in a lán áiteanna, go háirithe i gceantair Gaeltachta, agus caithfimid níos mó a dhéanamh ar an ábhar sin chun ár seansanna a fheabhsú le postanna a chruthú agus a choimead. Chomh maith le sin, caithfimid níos mó a dhéanamh le thresholds sna scoileanna beaga sa Ghaeltacht. Tá stádas agus thresholds speisialta tuillte go maith acu. Mar a dúirt an Teachta Seán Kyne ar maidin, tá níos mó oibre acu agus tá níos mó cabhrach de dhíth ón Rialtas. Tá seans againn anois é sin a dhéanamh. Chaith mé cuid mhór de mo chéad théarma anseo ag obair ar isolated statuses do scoileanna beaga. Caithfimid stádas speisialta thabhairt ar ais do scoileanna Gaeltachta freisin. Caithfimid an teanga a choimead beo sa bhunscoil agus sa mheánscoil freisin.

Tá an tionscal turasóireachta an-tábhachtach do na ceantair Gaeltachta sa tír seo. Tá product nua againn anois i Slí an Atlantaigh Fhiáin. Tá seans iontach againn mar thír é sin a fhorbairt, sa gheimhreadh ach go háirithe. Chomh maith le sin, beidh seans againn postanna a choimead tríd an bhliain go léir sna ceantair Gaeltachta. Le sin, ní bhíonn na daoine óga ag fágáil na ceantair Gaeltachta. Tá seans ann níos mó a dhéanamh chun an teanga a choimead beo.

Bhí a lán daoine anseo inniu ag tabhairt amach agus ag gearrán faoin Rialtas, faoin Aire, faoin easpa airgid nó faoi pholasaithe éagsúla. Bhí seans iontach ag daoine sa Dáil seo a bheith i Rialtas agus rud tábhachtach a dhéanamh ar na hábhair seo. Chuaigh a lán daoine ar an mbóthar buí, an bóthar simplí, an bóthar chun vótaí a choimead ach chun faic a dhéanamh ag deireadh an lae. Is mór an trua é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.