Dáil debates

Thursday, 28 April 2016

EU Migration and Refugee Crisis: Statements

 

1:25 pm

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim buíoch as ucht na deise seo labhairt ar an ábhar tábhachtach, tromchúiseach agus truabhéalach seo. Tá sé deacair orm a shamhlú cad a dhéanfainn dá mbeinn ag cur fúm sa tSiria. Tá sé deacair radharc a fháil ar an saol atá ag na daoine sin a bhfuil fonn géar orthu teitheadh ón gcoimhlint, ón anró, ón gcruatan agus ón suarachas. Tá fonn chomh mór sin orthu teacht ó thearmann go gcuireann siad a saoil faoi stiúir daoine nach bhfuil aithne acu orthu agus téann siad ar bháid agus soithigh eile atá plódaithe, lag, tanaí agus, sa deireadh thiar thall, faoi thoil na Meánmhara.

Tá daoine ann a bheadh den tuairim gur daoine iad seo atá ag taisteal trí mhodh ar bith chun na hEorpa díreach chun saol nios fearr a bhaint amach, nach bhfuil iontu ach daoine atá ag iarraidh an deis a thapú agus nach teifigh chearta iad. Ach is í an fhírinne ná go bhfuil na daoine seo ag teitheadh ó chogadh gan stad, foréigean agus anord sa tSiria. Is mar gheall ar seo go bhfuil an éigeandáil is mó agus is géara romhainn maidir le teifigh ag teacht chuig an Eoraip ó bhí an Dara Chogadh Domhanda ann. Theip ar fad ar an Eoraip - sé sin le rá na hinstitiúdí Eorpacha - daonnacht a léiriú. Cuireadh cosc i ndiaidh choisc roimh theacht ar chomhréiteach a bheadh measartha ó thaobh líon na dteifeach. Agus muid mar an mór-roinn is mó agus is saibhre, ba cheart dúinn bheith in ann i bhfad Éirinn níos mó a dhéanamh agus a bhaint amach. Is iad tíortha cosúil leis an lodáil agus an Ghréig atá thíos leis an déine a chuir an tAontas Eorpach orthu le blianta beaga anuas. Tá sé deacair orthu dul i ngleic i gceart leis an méid daoine atá ag teacht chucu.

Maidir leis an margadh a rinneadh i mí Mheán Fómhair chun 160,000 teifeach ón lodáil agus ón nGréig a athlonnú, is sprioc é atá réidh go maith agus atá inbhainte amach. Níl ann ach teifeach amháin do gach trí mhíle duine. Ach níl ag éirí leis an margadh sin. Níl sé á chur i bhfeidhm nó gearr dó. Níor lonnaíodh ach 885 teifeach san Eoraip. Cuir é sin i gcomparáid le stáit ata i bhfad nios boichte agus faoi níos mó brú, cosúil leis an Liobáin agus an Iordáin, atá ag deileáil le níos mó ná milliún teifeach.

Níl freagra an Stáit seo maith go leor ach an oiread. Gheall muid go nglacfadh muid le 4,000 teifeach, rud a chiallaíonn nach mbeadh ach teifeach amháin do gach 1,150 duine sa Stát seo. Go nuige sin, níor tháinig chugainn ach clann de dheichniúr ón tSiria, le 30 eile fós le teacht. Nil sé sin maith go leor nó sásúil ar chor ar bith. Tá sé scanallach. Mór an náire orainn mar Stát. Tá sé seo i gcomhthéacs bogadh na milliúin daoine on dtír bhocht sin agus sinne, lenár stair Ián de scéalta imirce agus tréigeadh na talún, ag tabhairt an bheagán suarach de chabhair do na daoine bochta seo. Mór an náire orainn.

Is é an fáilte agus an comhsheasmhacht a léirigh muintir na hÉireann an rud a chuireann an náire is mó ar an Stát. Tréaslaím le na daoine a rinne iarracht fáilte a chur roimh theifigh ón tSiria, chomh maith leis an gcuidiú a chuireadar ar fáil do na teifigh atá sa Ghréig, i gCalais agus áiteanna cosúil le sin. Gheall níos mó ná 800 duine go dtabharfaidís lóistín do na teifigh seo trí chóras Chros Dhearg na hÉireann.

Caithfear deireadh a chur leis an margadh a rinneadh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, tír ata ag eirí níos tiarnúla agus a bhfuil stair lofa aige maidir le cearta daonna. Rud gránna a bhí ann ó thús deiridh. Mar Stát, thugamar tacaíocht dó sin agus táimid freagrach as.

Baineann an t-imní is mó atá agam leis an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic leis an ngéarchéim. Baineann sé le cumhacht agus cur i gcoinne, seachas le bealach sábháilte a thabhairt do dhaoine teacht ar thearmann. Ba chóir dúinn féachaint ar chruthú chórais faoi bhráid an Stáit de athbhunú príobháideach, mar a bhí ann i 2014 faoin iar-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Theachta Alan Shatter, agus mar atá ann faoi láthair sa Tuaisceart. Tá sé sin tar éis a bheith curtha i bhfeidhm go héifeachtúil in áiteanna eile ar nós Cheanada, agus ba chóir dúinn féachaint air. Tabharfadh sé deis do shaoránaigh Siriacha in Éirinn agus do shaoránaigh Éireannacha ón tSiria iarraidh ar a gclainne teacht chun cónaí anseo leo agus linn.

Caithfimid bealaí eile a bhunú chun rochtain a chur ar fáil agus a chinntiú go gcuireann Éire a ghealltanais i gcrích. Caithfimid trócaire a léiriú do na daoine atá thíos leis an gcogadh marfach, uafásach seo agus caithfimid brú a chur ar an Aontas Eorpach deireadh a chur leis an margadh lofa, scanallach seo leis an Tuirc.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.