Dáil debates

Thursday, 14 April 2016

Nomination of Taoiseach (Resumed)

 

3:20 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tacaím le moladh an Teachta Chambers ainm an Teachta Micheál Martin a chur os comhair na Dála agus é a chur faoi bhráid an Uachtaráin go gceapfaí é mar Thaoiseach ar an tír seo. Go deimhin, tá Fianna Fáil ag déanamh a lán iarrachtaí chun Rialtas mionlaigh a chur le chéile. Tá a lán cainteanna ar siúl againn agus a lán iarrachtaí á ndéanamh againn. Ach mar bhunprionsabal againn tá na polasaithe a chuireamar os comhair an phobail roimh an olltoghchán. Anois, sa Teach seo, tá rogha ann idir bheirt fhear, ach, i ndáiríre, rogha idir dhá shlí - slí amháin agus slí eile - atá ann. Tá muideanna go léir anseo chun rogha a dhéanamh. Níor sheol muintir na hÉireann anseo sinn chun a bheith inár suí gan rogha á dhéanamh againn agus an freagracht á chur ar dhaoine eile. Tá freagracht orainn go léir agus tá cumhacht againn go léir. Tá daoine sa Teach seo agus iad ag lorg Rialtas le móramh ollmhór ach ní bheidh a leithéid de Rialtas arís ann. Ina ionad, beidh páirtnéireacht, ach páirtnéireacht idir an Rialtas agus an Pharlaimint a bheidh ann. Tá ról agus cumhacht againn go léir agus freagracht orainn go léir maidir le sin. Má táimid ag iarraidh dul síos an bóthar sin, caithfimid tacaíocht a thabhairt don Teachta Micheál Martin inniu sa Dáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.