Dáil debates

Wednesday, 6 April 2016

Nomination of Taoiseach (Resumed)

 

3:15 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mise sásta seasamh anseo chun tacú le hainmniúchán an Teachta Mícheál Martin mar Thaoiseach inniu. Ar an gcéad lá sa Dáil seo, leag mise agus mo chomhghleacaí, an Teachta Lisa Chambers, síos na fáthanna gurb é an Teachta Mícheál Martin an rogha is fearr don oifig seo, an oifig bhunreachtúil is tábhachtaí. Táimid anseo arís inniu chun ár rogha a dhéanamh. Ná bíodh aon amhras faoi seo: tá dualgas orainn go léir rogha a dhéanamh. I ndáiríre, tá beirt in ár nDáil gur féidir leo Rialtas a chur le chéile.

Má táimid ag iarraidh an bóthar ceart a thógáil, má táimid ag iarraidh éisteacht le guth an phobail, agus má táimid ag iarraidh an freagra ceart a thabhairt don phobal, measaim féin agus measann Fianna Fáil go gcaithfimid tacú leis an Teachta Mícheál Martin. Tá roinnt daoine ag impí orainn aon saghas Rialtas a chur le chéile. Ní aontaímid leis sin ar chor ar bith. Measaimid go bhfuil dualgas orainn go léir an Rialtas ceart a chur le chéile, leis na polasaithe cearta agus leis an gceannaireacht cheart, ón Teachta Mícheál Martin. Chuir an Teachta Mícheál Martin a phlean faoi bhráid an phobail i rith an olltoghcháin. Táimidne sa pháirtí seo ag cloí leis an bplean sin agus ag lorg tacaíochta chun é a chur i bhfeidhm. Toghadh muid go léir chun cinneadh a dhéanamh. Munar nglacfaimis go léir páirt sa vóta seo, d'fhéadfadh toradh a bheith againn a thugann an freagra mícheart don phobal. Má tá tír níos cothroime ag teastáil ó na Teachtaí go léir, ní mór dúinn vótáil ar son an Teachta Martin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.