Dáil debates
Thursday, 10 March 2016
Nomination of Taoiseach
1:15 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is mór an onóir agus an phribhléid domsa ar an ócáid stairiúil seo seasamh os comhair na dTeachtaí go léir mar Theachta nuathofa do Dháilcheantar an Mhí Thoir. Seasaim anseo chun tacú le moladh an Teachta Chambers an Teachta Mícheál Martin a ainmniú mar Thaoiseach, le ceapadh ag an Uachtarán. Is Teachta stuama é an Teachta Mícheál Martin, a bhíodh agus atá leas an phobail i gcónaí chun cinn ina aigne aige agus é ag baint amach a obair pholaitiúil. Is ceannaire díograisach é. Measann seisean, agus tá a fhios aige, go bhfuil fiúntas ag gach uile duine sa tír seo.
Is í a fhealsúnacht ná gur cheart go mbeadh Éire, agus gach a bhaineann léi agus lenár náisiún, ar fáil do chách. Corcaíoch is ea an Teachta Mícheál Martin a éistíonn go cúramach le guth an phobail, an guth láidir sin a ghlaoigh orainn go léir i rith an toghcháin. Tá an pobal ag éileamh athrú treo. Tá siad ag éileamh athrú sa chaoi a dhéanaimid ár n-obair sa Seomra seo. Tá an pobal ag lorg athruithe chun níos mó cothromais a scaipeadh ar fud na tíre ach go háirithe, agus é a scaipeadh ar chuile carn den tír.
Labhair na daoine sa toghchán. Tá sé soiléir go bhfuil athrú Rialtais ag teastáil uathu. Tá ceannaire ag teastáil ón bpobal. Tá dualgas ar an Dáil agus ar na Teachtaí go léir éisteacht leis seo. Idir na hiarrthóirí atá os ár gcomhair inniu, is é an Teachta Mícheál Martin an t-aon fhear gur féidir leis éileamh an phobail a shásamh. Mar sin, is féidir fanacht ar an mbóthar briste, nó is féidir an tír a thabhairt ar an mbóthar ceart. Tá dán cáiliúil ag an bhfile Raifteirí. Tá an t-earrach tagtha agus tá an Dáil ina shuí arís. Tá véarsa eile sa dán cáiliúil le Raifteirí, véarsa faoin obair atá le teacht:
Tá cur agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
nár labhair mé go fóill,
áitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin cíosa
ná dada dá shórt.
Iarraim ar na Teachtaí dá bhrí sin glacadh leis an moladh seo ón Teachta Chambers agus an Teachta Mícheál Martin a thoghadh mar Thaoiseach.
No comments