Dáil debates
Tuesday, 2 February 2016
National Monuments: Motion [Private Members]
8:45 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
-----agus a bhogadh chun tosaigh agus rudaí soiléire a dhéanamh maidir leis an stair. Seasaigí suas maidir leis na rudaí cearta agus seasaigí suas maidir leis na rudaí atá déanta sna blianta a chuaigh thart. Ba mhaith liom m'aitheantas agus mo bhuíochas a ghabhadh arís leis an Aire, an Teachta Heather Humphreys, agus a comhghleacaithe, na daoine a mhacasamhail le John Concannon atá ag obair ar an chomóradh 2016, ar an chlár tábhachtach agus ar an sárobair atá déanta thar na blianta a chuaigh thart. Mar fhocal scoir i dTeach Laighean, beidh deiseanna móra ann maidir leis na glúine atá romhainn agus tá dualgais agus freagrachtaí orainn maidir leis an chéad ghlúin eile amach anseo. Beidh deiseanna ann i mbliana agus tá sé thar a bheith tábhachtach.
No comments