Dáil debates
Tuesday, 2 February 2016
Ceisteanna - Questions (Resumed)
School Enrolments
5:30 pm
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source
An dtuigeann an Taoiseach go bhfuil fadhb mhór annso agus an dtuigeann sé go bhfuil an-mhíshástacht i measc an-chuid daoine maidir leis an smacht atá fós ag na heaglaisí i gcúrsaí oideachais agus ins na scoileanna? An dtuigeann sé go bhfuil an-chuid gnáthdhaoine nach féidir leo leanaí a chur chuig scoil gan a bheith páirteach i gcúrsaí reiligiúin ins an scoil agus go bhfuil sé sin ag cur as d'an-chuid daoine? Dá bhrí sin, cad é polasaí an Taoisigh dáiríre maidir leis an bhfadhb seo?
An bhfuil sé i bhfábhar chóras oideachais nach bhfuil faoi smacht aon reiligiúin agus scoileanna nach bhfuil faoi smacht aon reiligiúin ach atá oscailte, atá á rith go daonlathach, gur féidir le gach leanbh dul ann, is cuma má tá creideamh acu nó nach bhfuil, oideachas a fháil? Ansan, má theastaíonn ó na tuismitheoirí gur féidir reiligiúin a fhoghlaim dosna leanaí, d'fhéadfaí é sin a dhéanamh ins an scoil fhéinig ar leataobh ach gan go mbeadh sé riachtanach dosna leanaí chun teacht isteach ins an scoil ar an gcéad lá?
No comments