Dáil debates

Wednesday, 27 January 2016

Topical Issue Debate (Resumed)

Seirbhísí Farantóireachta

1:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí orm gáire a dhéanamh faoin gcéad phíosa den oráid a tugadh don Aire Stáit, mar ceapaim gur mé féin a chuir ann na seirbhísí breise ar fad atá luaite maidir leis na hoileáin idir 1997 agus an t-am ar fhág mé an Roinn i 2010. Go deimhin, chuir mé ceist Dála maidir le caiteachas ar infreastruchtúr na hoileán lá amháin agus níor tosaíodh oiread agus togra amháin de luach €1 milliúin nó níos mó ar na hoileáin sa gcúig bliana go bhfuil an Rialtas seo i gcumhacht. Caitheadh an €100 milliúin sin a luaigh an tAire Stáit, nó rinneadh socruithe an €100 milliúin sin a chaitheamh, i rith mo thréimhse mar Aire, ach níl ansin ach scéal thairis.

An áit a bhfuil an fhadhb anseo ná nach bhfuil conradh buan ann. Tá díomá orm nach bhfuil an tAire Stáit tar éis a rá go bhfuil i gceist conradh buan a chur in áit le déanamh cinnte de go mbeidh seirbhís ar phraghas réasúnach do na hoileánaigh ar fáil go hInis Mór. Tá sé aisteach gurb é an t-oileán leis an daonra is mó go bhfuil an costas is mó ar dul isteach agus amach ann do na hoileánaigh. Creidim gur ceart go gcuirfí é sin ina cheart.

An bhféadfadh an tAire Stáit dul ar ais agus an t-eolas a fháil amach agus a thabhairt dom de bharr na ceisteanna seo a bheith tógtha sa Dáil inniu le gur féidir an t-eolas a thabhairt chuig na hoileánaigh? An bhfuil conradh aontaithe le Island Ferries nó an socrú é mar a bhí ann cheana, socrú ó lá go lá, nó an mbeidh aon rud sínithe a chinnteoidh go mbeidh an tseirbhís ann? An mbeidh na rialacha céanna ag baint leis an seirbhís agus a bhí ann cheana? Céard iad na táillí a ghearrfar ar na hoileánaigh? An mbeidh an táille náisiúnta i gceist, is é sin €10 fillte do daoine fásta, nó an bhfuil i gceist faoin socrú nua seo go leanfaidh siad ag íoc €15?

Caithfimid cuimhniú ar duine a bhfuil clann aige a bhíonn ag dul isteach agus amach, nó cuimhniú ar scoil atá ag iarraidh gasúr a thabhairt chuig cluichí peile. Déanann an táille breise an-difríocht go deo dóibh. Ní bhfuair mé mórán freagraí nó ní bhfuair mé aon soiléiriú faoi chéard atá ar bun. Sílim go bhfuil sé thar am ag an Aire trédhearcacht a thaispeáint agus a rá go díreach céard é an socrú atá déanta aige. Céard iad na sonraí den socrú atá déanta aige ó thaobh táille, minicíocht agus caighdeán an bháid? An bhfuil an socrú sin buan nó an bhfuil muid ag maireachtáil le socrú nua eile ó lá go lá nach bhfuil aon chinnteacht ann go mairfidh sé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.