Dáil debates

Wednesday, 27 January 2016

Topical Issue Debate (Resumed)

Seirbhísí Farantóireachta

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach sa Teach inniu. An fáth go príomha go bhfuil muid anseo ná mar gheall ar an tseirbhís farantóireachta go hOileáin Árann, ach mar is eol don Aire Stáit, bhí raic ann cheana, anuraidh, maidir leis an tseirbhís eitleán go dtí na hoileáin agus faomhadh réiteach gearrthéarmach bliana ar sin. Go deimhin, ceann de na ceisteanna atá agam inniu ná, cén uair a lorgófar tairiscintí le haghaidh seirbhís buan eitleán go dtí na hoileáin?

I láthair na huaire, tá fadhb ollmhór ann maidir leis an tseirbhís farantóireachta paisinéirí go hInis Mór. Tuigtear dom go bhfuil scéal thart go bhfuil socrú éigin déanta le Island Ferries go mbeidh sé ag leanacht ag cur na seirbhíse ar fáil ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh. Ach tá a fhios agam nach bhfuil léas ag muintir an oileáin ar chéard iad na socruithe seo. Tá éiginnteacht uafásach ag baint leis an gceist seo ar fad. Má tá duine ag cónaí ar oileán, is mar a chéile an tseirbhís bád nó an tseirbhís eitleán agus an bóthar dúinne atá inár gcónaí ar an mórthír. Go minic, ní thuigtear é sin. Ní féidir le saol oileán dul ar aghaidh má tá éiginnteacht ann faoi na bunsheirbhísí farantóireachta agus rochtana go dtí na hoileáin.

Tá dearmad mór déanta maidir le seirbhísí go dtí na hoileáin. Mar shampla, d'éirigh an fhadhb seo an t-am seo mar nár cuireadh conradh in áit dhá bhliain ó shin, mar atá ag na hoileáin eile ar fad agus mar a bhí go dtí sin in Inis Mór, ag deimhniú caighdeán na seirbhíse, rialtacht na seirbhíse agus na táillí cearta do na hoileánaigh. Ag éirí as an tsocrú nua a deirtear linn atá déanta, ba mhaith liom na ceisteanna seo a chur ar an Aire Stáit. Cén socrú atá déanta go baileach? Cén fhad a mhairfidh an socrú nua seo? An bhfuil sé i gceist socrú buan, mar shampla conradh cúig bliana, a chur in áit a dhéanfadh cinnte de go mbeidh seirbhís ag na hoileánaigh? Cén táille atá i gceist? Faoi láthair, i gcás gach oileán eile, táthar ag caint ar €10 do dhaoine fásta agus €5 do scoláirí agus daoine óga.

In Inis Mór, ainneoin gur é an t-oileán is mó uilig agus go bhfuil an lion is mó paisinéirí ag dul isteach agus amach as, bíonn ar na hoileánaigh €15 a íoc le dul isteach agus amach, agus €8 le haghaidh mic léinn agus daoine óga. An gcuimsíonn an socrú seo laghdú táille i gcomhréir leis na socruithe atá déanta ar na hoileáin eile ar fad, Oileán Thóraigh, Árann Mór, Oileán Chléire, Inis Toirc, Inis Bó Finne, Inis Meáin, Inis Oírr agus na hoileáin i gCorcaigh - an tOileán Mór, Oileán Faoide, an tOileán Fada, Inis Earcáin agus ceann amháin eile, Heir Island?

Ba mhaith liom a fháil amach freisin céard iad na socruithe atá déanta maidir leis an gconradh seo. Cé mhéid a chosnóidh sé in aghaidh na bliana nó in aghaidh na míosa? Cé mhéid a bheidh á íoc leis an tseirbhís a chur ar fáil? Tá muintir an oileáin fiosrach faoi conas go bhfuil an Roinn in ann íoc anois ach nach raibh sé in ann íoc go dtí seo le socrú buan a chur in áit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.