Dáil debates
Wednesday, 27 January 2016
Order of Business
12:15 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil níos mó airgid tugtha do Údarás na Gaeltachta, go bhfuil Straitéis na Gaeilge leagtha amach, go bhfuil an raic a bhí ar siúl faoin gCoimisinéir Teanga neamhspleách don Ghaeilge réitithe, go bhfuil oibrithe tugtha dó, agus sílim go bhfuil job maith á dhéanamh aige. De réir mar a thuigim, tá cursaí fostaíochta ag dul in airde sna Gaeltachtaí agus ba mhaith liom go leanfaidh sé sin as seo amach.
Maidir leis an gclár Rialtais a rinne an Teachta tagairt do, is fíor go raibh comisiún toghchánaíochta le bunú ag an Rialtas. Tuigim, de réir tuairisc a chur an tAire isteach, go raibh an coiste Oireachtais ag díospóireacht faoi chursaí poiblí faoi seo agus gur chríochnaigh na díospóireachtaí sin ag deireadh mí Iúil na bliana seo caite. Tuigim freisin go bhfuil an tuarascáil foilsithe ag an gcoiste agus go bhfuil cuid de na moltaí maidir le bunú an choimisiúin toghchánaíochta sa tuarascáil sin. Níl sé léite agam toisc nach bhfaca mé go fóill é, ach tuigim go mbeidh sé ar chumas an chéad Rialtas eile an coimisiún seo a bhunú, ag éirí as na díospóireachtaí a bhí ann, an tuarascáil foilsithe, agus na moltaí atá inti a thabhairt i bhfeidhm.
No comments