Dáil debates

Tuesday, 8 December 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:25 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheist Dála ar 19 Samhain 2015 faoin ábhar seo, nuair a thug mé le fios gurb é príomhchuspóir an athbhreithnithe atá luaite ag an Teachta ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus an grádú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí in Údarás na Gaeltachta, ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad agus do fhreagrachtaí na heagraíochta i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí; agus ag tabhairt san áireamh na feidhmeanna breise a tugadh don údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012. Rinneadh an t-athbhreithniú i gcomhpháirtíocht leis an údarás.

Is iad seo a leanas téarmaí tagartha an athbhreithnithe: an struchtúr foirne ardbhainistíochta is fearr a oireann do riachtanais na heagraíochta agus lena mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní atá ar fáil; a áirithiú go bhfuil an struchtúr molta ailínithe go hiomlán leis an trí réimse is mó de ghnó na heagraíochta, is iad sin fiontraíocht agus fostaíocht, pleanáil teanga agus forbairt pobail, agus rialachas corparáideach; na scileanna agus an taithí is gá chun tacú leis na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach; sainchuntas mionsonraithe poist a ullmhú le haghaidh gach ceann de na poist shinsearacha, rud a chothóidh feidhmiú níos éifeachtaí agus a éascóidh caighdeáin feidhmíochta a leagan síos agus measúnuithe a dhéanamh; a áirithiú go ndéanfar próifílí daoine aonair agus foirne comhtháite a fhorbairt ag leibhéal na hardbhainistíochta chun ceannaireacht éifeachtach an struchtúir nua a éascú; a áirithiú go bhforbrófar cultúr agus creat bainistíochta feidhmíochta, go bhforbrófar na scileanna agus an saineolas agus an taithí a bheidh de dhíth sa struchtúr comhtháite, agus go bhforbrófar straitéis thacúil oiliúna don lucht bainistíochta agus don fhoireann.

I gcomhréir leis na rialacháin um soláthar poiblí, bronnadh an conradh don athbhreithniú ar an chomhlacht Public Affairs Ireland. Is é €15,800 luach an chonartha, gan cáin bhreisluacha san áireamh, agus bhí sé mar choinníoll den chonradh go ndéanfaí an obair leis an údarás agus an Roinn trí Ghaeilge. Tugtar le fios dúinn gur chomhlíonadh an coinníoll sin. Tá an tuarascáil chríochnaitheach curtha ar fáil anois agus tá plé ar bun faoi láthair idir mo Roinnse agus an údarás maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála. Ní dhéanfar cinneadh faoi fhoilsiú na tuarascála go dtí go mbeidh an próiseas sin thart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.