Dáil debates

Tuesday, 17 November 2015

Paris Terrorist Attack: Statements

 

6:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta anseo agus muid ag caint ar an ábhar fíorthábhachtach seo. I dtús báire, maraon le chuile duine sa Teach, déanaim comhbhrón ó chroí le gach duine a maraíodh nó a bhí gortaithe sa sléacht uafásach a tharla Dé hAoine seo chaite i bPáras. Is cuma cé as ar domhain a dtáinig na daoine sin, nó cén tír ón ar tháinig siad, ba cheart dúinn an comhbhrón céanna a dhéanamh leo. Níl sé ceart idirdhealú a dhéanamh riamh de bharr cine, nó cé chomh gar nó cé chomh fada ón tír seo atá aon duine a mharaítear trí sléacht den choinneáil a tharla sa Fhrainc.

Ba mhaith liom comhbhrón speisialta a dhéanamh leis an bhfear ó Éirinn a gortaíodh agus tá súil agam go mbeidh biseach iomlán air go luath.

Tá ceist mhór le plé againn anseo. Cá seasann muid mar thír, cén fealsúnacht atá againn, maidir le foréigean?

Ba droch lá don Fhrainc é, do gnáth pobal na Fraince, nuair a d'fhógair Uachtarán na Fraince cogadh fuilteach mar thoradh ar an ár seo. Tá a fhios againn ón stair: má bhíonn muid i mbun cogaíochta, go dtiocfar in ár éadan agus nach réitonn cogadh tada.

Caithfimid breathnú ar an seasamh atá againn mar thír. Tá dualgas an Rialtas i leith na ceiste seo leagtha síos dúinn sa Bhunreacht. Deireann an Bunreacht:

Dearbhaíonn Éire gur mian léi síochán agus comhar, de réir an chothroim idirnáisiúnta agus na moráltachta idirnáisiúnta, a bheith ar bun idir náisiúin an domhain.

Deireann an Bunreacht freisin, in Airteagal 29:

Dearbhaíonn Éire fós gur mian léi go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnáisiúnta nó le cinneadh breithiúnach.

Tá sé leagtha síos dúinn nach bhfuil ach bealach amháin gur féidir linn feidhmiú go bunreachtúil, agus sin faoi mhodhanna síochánta. Ní focail folamh iad sin. Níl muid neodrach agus ní raibh muid neodrach riamh. Táimid in aghaidh cogaidh. Tá a fhios againn céard a tharlaíonn le cogadh. Tá a fhios againn an rud a dúradh: "Súil ar shúil, fiacal ar fhiacal agus ag deireadh an lae bíonn an domhain uilig dall." Ar ndóigh, ní féidir linn ar an nóiméad dul bealach difriúil ón mbealach a bhí leagtha amach romhainn ariamh mar thír, ó vótáil an pobal i 1937 i bhfábhar na síochána.

Caithfimid a bheith gníomhach. Caithfimid a bheith gníomhach ag leibhéal na hEorpa agus caithfimid a bheith gníomhach ag leibhéal na Náisiúin Aontaithe ag rá go gcaithfear dul bealach na síochána agus nach bhfuil aon cheart ag aon tír ar domhain cogadh a fhearadh ar aon tír eile, bíodh sin ina ISIS nó aon dream eile, agus go gcaithfear dul i mbun eadrascáin.

Caithfimid seasamh suas agus caithfimid cuimhniú ar na dreamanna ar fad nárbh fhéidir labhairt leo sa stair, fiú le linn mo shaol. Is cuimhin liom nuair nach raibh cead ag an tSín a bheith san Náisiúin Aontaithe. Lena cheart a thabhairt do Frank Aiken, sheas sé suas sna Náisiúin Aontaithe ar son go mba ceart an cheist sin a phlé agus breathnú ar iad a thabhairt isteach. Féach ar an leas a tháinig as sin. Is cuimhin liom freisin Meiriceá ag tabhairt tacaíochta do Saddam Hussein, ach ansin nuair a bhíodar tuirseach de Saddam Hussein, chuireadar ina gcoinne. Níl sé i bhfad ó shin nuair nárbh fhéidir labhairt leis an Iaráin. Níl aon athrú réimis ansin, ach tá cainteanna tar éis a bheith ar bun le teacht ar chomhréiteach leo. Is cuimhin liom nuair a dúradh ar feadh 30 bliain sa tír seo nach bhfeadfaí leis an dream i mbun foréigin, ach breathnaigh anois ar an leas a tháinig as labhairt agus as bealaí síochána a thógaint seachas an lámh láidir.

Ní thugaim aon tacaíocht nó ní thabharfainn aon sólás do dream ar nós ISIS ná don rud a gcreideann siad ann, ach cuirim an cheist seo orm féin: Dá mbeinn ag cónaí i dtír agus dá mbeadh tíortha eile ag leagaint buamaí orm oíche i ndiaidh oíche, gan aon chead idirnáisiúnta, as a stuaim féin, mar a tharla i Libia agus mar atá ag tarlú anois agus i gcónaí, an mbeadh seans ann go dtiocfainn ar thaobh an dream a cheapfainn a bhí ag cosaint mo thír? Nach sin a tharlaíonn? Ní fhéadfadh ISIS feidhmiú murach an ionradh síoraí atá á dhéanamh. In ionad a bheith ag maolú an fhoréigin, táthar ag cur leis lá i ndiaidh lae.

Chomh maith le sin, caithfimid breathnú inár gcroíthe féin. Nuair atáimid ag iarraidh ar an taobh eile athrú agus nuair atáimid ag iarraidh ar an domhan athrú, an chéad rud a chaithfimid a dhéanamh nó breathnú ar féidir linn féin athruithe a chur i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith spéisiúil breathnú ar an gcúig tír ar domhain is mó a sholáthraíonn airm, mar tá an-chaint anseo ar shibhialtacht. Is iad sin: na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, An Bhreatain, an Rúis agus an tSín. An bhfuil freagracht ar daoine, an bhfuil freagracht orainn, má táimid báúil agus ag tacú le sin? Tá sé mar pholasaí ag an Aontas Eorpach a bheith ag forbairt an tionscail sin.

B'fhéidir go gceapfar go bhfuilim imithe ar strae, agus seans go bhfuil, mar creidim sna focail a dúirt fear ón Meánoirthear, a fear a bhunaigh an creideamh Críostaí, gur fearr agus láidre an grá aon lá ná an fuath ná an foréigean. Tá an rud a dúirt an Pápa bliain ó shin spéisiúil. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh muid an cheist seo orainn féin: An bhfuil an méid sin den cheart againn má táimid ag rá go bhfuilimid leis an mBreatain, an Fhrainc agus na Stáit Aontaithe ina bpolasaithe? Dúirt an Pápa go bhfuil córais eacnamaíochta ag brath ar chogadh le maireachtáil. He said: "Accounts are balanced with the manufacture and sales of arms in economies that sacrifice men at the feet of the idol of money." He went on to say:

And no thought is given to hungry children in refugee camps; no thought is given to forced displacements; no thought is given to destroyed homes; no thought is given now to so many destroyed lives. How much suffering, how much destruction, how much grief there is. Today, dear sisters and brothers, the cry for peace rises in all parts of the earth, in all nations.

Is ceart dúinn breathnú orainn féin agus ceist a chur orainn féin faoi seo. Muna bhfuil muid ag seasamh suas sna Náisiúin Aontaithe agus taobh istigh den Aontas Eorpach ag cur in aghaidh gionachta na nairm agus ag cur in aghaidh tionscail an airm agus muna bhfuil de chrógacht againn seasamh suas agus cur in aghaidh na rudaí sin, ná bíodh muid ag ceapadh nach bhfuil páirt againn ann.

Tá go leor ama caite agam thar na blianta ag plé le cúrsaí síochána. Cáineadh mé dá bharr. Cáineadh mé as dul chuig na priosúin sna 1990í agus cáineadh mé as dul chuig na priosúin, mar a chuaigh mé inné - thuas i Maghaberry ag caint le dílseoirí agus poblachtánaigh, ach creidim ó m'athair, má tá síochán uait, ní gunna a theastaíonn uait ach labhairt le daoine, tuiscint a fháil ar an dtaobh eile agus iad a mhealladh chugat. Tá a fhios againn féin gur fearr i bhfad é sin, gur lú cogadh a bheadh sa domhain dá dtiocfadh muid an bealach sin, seachas an bealach atá tríailte ó thús aimsire, cogadh a thosnú agus ansin gan a bheith ag súil go dtiocfadh daoine ar ais ag troid i d'aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.