Dáil debates

Tuesday, 17 November 2015

Paris Terrorist Attack: Statements

 

5:40 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom ar dtús báire comhbhrón ó chroí a dhéanamh le pobal na Fraince, atá buailte chomh dona sin leis an uafás a tharla ar an Aoine nuair a tharraing buíon bunúsaithe marfacha an tragóid anuas orthu siúd, leis na clanna atá tar éis duine a chailliúnt ach go háirithe, agus leo siúd atá gonta chomh maith leis sin. Guím suaimhneas síoraí orthu siúd atá marbh, dá gclann agus dá gcairde, agus tá siúl agam go dtiocfaidh biseach orthu siúd atá gonta tar éis na hionsaithe marfacha sin amach anseo.

Mo leithscéal nach bhfuil sé ar mo chumas an méid atá le rá agamsa a rá as Fraincis. Bheadh sé go deas dá mbeadh ar a laghad roinnt dóibh siúd a bhí Fraincis acu tar éis na guíonna sin a rá as Fraincis, ach ní raibh féigh na Fraincise ná féigh foghlamtha na Fraincise orm riamh, fiú gur dhein an t-iar-Teachta Tony Gregory iarracht é a tharraingt asam nuair a bhí sé do mo mhúineadh. Níl sé foghlamtha i gceart agam riamh.

Ba chóir go mbeadh bród orainne agus ar an ambasadóir a bhí anseo níos luaithe agus muintir na Fraince as an slí a d'iompar pobal Pháras iad féin ar oíche Dé hAoine, an dínit a bhí acu in ainneoin an ionsaithe bharbaraigh a bhí ag tarlú timpeall orthu agus an chrógacht a léirigh siad ar an oíche sin agus ó shin i leith in ainneoin an uafáis. Fanfaidh an íomhá liomsa go deo de lucht leanúna sacair a bhí sa Stade Français agus iad ag canadh os ard nuair a bhí siad ag fágaint na staide, le bród agus mar dhúshlán don ionsaí a bhí ag tarlú. Níorbh fhios ag an am cé chomh dona is a bhí sé, ach thuig siad cé chomh marfach is a bhí sé, b'fhéidir, agus iad ag canadh an amhráin náisiúnta, an Marseillaise. Na namhaid a bhí á n-ionsaí ag an am, is namhaid iad do bhuntréithe an phoblachtachais air a bhfuil ár ídé-eolaíocht bunaithe agus air a bhfuil stát na Fraince bunaithe air, na hidéil atá taobh thiar de liberté, fraternité, equalité. Is bua é dóibh sin a dhein an ionsaí sin má dhéantar cúngú ar na saoirsí a bhain poblachtánaigh agus daonláthaithe amach thar na cianta. Sin go díreach atá ag teastáil uathu siúd atá ag déanamh na n-ionsaithe seo, go mbeidh na saoirsí sin maolaithe nó cúngaithe. Níl siad i bhfábhar an daonlathais. Níl siad i bhfábhar an phoblachtachais. Níl siad i bhfábhar go mbeadh daoine ó chiní difriúla, ó inscní difriúla, ó aicmí difriúla ná ó thíortha difriúla ag marachtáil le chéile mar is féidir.

Measaim féin gur shin an príomhrud gur féidir linne a léiriú don domhain agus dóibh siúd atá ag déanamh iarracht na bunchoincheapanna sin atá taobh thiar den phoblachtachas agus de na poblachtaí atá bunaithe timpeall na hEorpa agus i gcéin: go bhfuilimid sásta seasamh leis sin, go bhfuilimid sásta an lámh chúnta a thabhairt dóibh siúd atá i gcruachás, agus go háirithe dóibh siúd atá ag teitheadh ó a leithéid de na hionsaithe atá siadsan ag déanamh sa Mheánoirthear ach go háirithe.

Chomh maith leis sin, ba chóir dúinn déanamh cinnte de go ndéanaimid cur leis an méid atáimid tar éis a bheith ag tógáil san Eoraip ach go háirithe ó thaobh gur féidir linne maireachtáil le chéile. Sin an dúshlán is mó dúinne, but chomh maith leis sin, measaim gurb í an teachtaireacht is mó ar cheart dúinn a chur i gcoinne an sórt ionsaithe mharfaigh a tharla ar an Aoine ná nach bhfuilimid sásta cur suas leis an méid atá siadsan a dhéanamh, but táimid fós ag gabháil an togra atá romhainn, domhain níos fearr a thógáil bunaithe ar na hidéil sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.