Dáil debates

Friday, 9 October 2015

Employment Equality (Abolition of Mandatory Retirement Age) Bill 2014: Second Stage [Private Members]

 

11:30 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille tábhachtach seo, Bille atá tábhachtach do na mílte daoine sa tír seo. Tacóidh Sinn Féin leis an mBille agus le cúnamh Dé beidh leasuithe againn le cur os comhair an Tí ar Chéim an Choiste. Tá súil agam nach bhfanfaidh an Bille idir seo agus Céim an Choiste go deo. Tá súil agam nach mbeidh sé caite chuig an gcoiste agus dearmad déanta air. Tá súil agam go mbeidh turas tapaidh ag an mBille.

Má tá daoine breá folláin i meabhar agus corp, má tá siad cumasach agus i gceannas ar a gcuid oibre, ní cheart iad a dhíbirt as a bpoist. Leis an fhírinne a rá, tá an gnáth duine ag aois 65 láidir i dtaobh taithí, scileanna agus críonnacht. Mar a dúirt an Teacht Dála a chuaigh romham, tá neart samplaí de dhaoine mar sin sa Teach seo. Tá na tréithe sin de dhíth sa tír seo, go háirithe san earnáil sláinte, áiteanna eile mar sin agus sa gheilleagar.

Freisin, ní mór dom a rá go bhfuil go leor fianaise foilsithe faoi na buntáistí a bhaineann le saol gníomhach a bheith ag daoine ag an aois seo. De gnáth, coimeádann post an intinn géar agus an corp láidir. Tá sé an-mhaith don aoisghrúpa sin a bheith i lár an aonaigh agus ag meascadh le glúin níos óige. Tá buntáiste agus tairbhe le fáil as bheith i gcuideachta glúin níos sine don ghlúin níos óige freisin agus foghlaimíonn siad cuid mhaith ó bheith i dteagmháil le daoine níos aosta.

Ní hionann an gnáthdhuine de 65 bliain d'aois sa lá atá inniu ann agus an duine a bhí 65 bliain d'aois 60 bliain ó shin. Tá an-chuid difríocht ann mar gheall ar a inchinn, a radharc iomlán agus a sláinte. Déarfainn nár mhar ach an chorrdhuine níos mó ná an aois scoir 60 bliain ó shin. Sa lá atá inniu ann, maireann formhór dóibh siúd a shroicheann an aois scoir beagnach 20 bliain níos faide. Cé go bhfuilimid i bhfábhar na cuspóra seo, caithfear a rá go bhfuilimid faichilleach freisin, go háirithe ar eagla go mbeidh Rialtas ann sa todhchaí a bheidh ag iarraidh airgead a shabháil trí mhéad an phinsin a laghdú nó an aois scoir a ardú go héigeantach. Má tá a lán daoine fós ag obair agus iad ina seachtóidí, b'fhéidir go shocróidh Rialtas an lae gur cheart an aois scoir a bhogadh amach go dtí aois níos sine. B'fhéidir go mbeidh siad sásta an pinsean a laghdú ós rud é nach mbeidh an béim céanna á leagadh ar an bpinsean ag an aois sin. Ní rud maith a bheadh ann. Nuair a bhaineann cúpla duine an aoisghrúpa seo amach, ní bhíonn an cumas céanna acu. In earnálacha éagsúla, bíonn obair oiriúnach ar fáil do dhaoine breacaosta, ach is léir go bhfuil a mhalairt fíor freisin. Ní cheart go mbeadh aon bhrú ar dhaoine fanacht ina bpoist muna bhfuil siad ag iarraidh a leithéid a dhéanamh. Níl mé ag caint faoi bhrú dlíthiúil ach, mar is eol dúinn, bíonn brúnna éagsúla ar dhaoine san earnáil oibre. Ní cheart d'aon Rialtas cearta pinsin na ndaoine sin a íslú. Is gá cearta na bhfostóirí a chosaint freisin. Ba cheart go mbeadh an reachtaíocht soiléir faoi cad is brí le "cumas". Ba cheart freisin forálacha a dhéanamh i dtaobh na slíte dlíthiúla a bheadh ann chun daoine nach bhfuil in ann a gcuid poist a dhéanamh a scaoileadh amach as na poist sin go dleathach. Más féidir le duine jab a dhéanamh ar chaighdeán ard, ní cheart go mbeadh éinne in ann é nó í a bhrú amach as a phost nó a post. Tá sé dochreidte sa lá atá inniu ann go mbeadh aon riail eile i gceannas. Fáiltím go hiomlán roimh an mBille seo agus guím turas tapaidh air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.