Dáil debates

Friday, 9 October 2015

Public Holidays (Lá na Poblachta) Bill 2013: Second Stage [Private Members]

 

10:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

This meant, by that very action, that the State was politicising the ideals and commemorations of 1916.

In my document, bhí sé i gceist agam lá saoire náisiúnta a chur sa tsiúil. Is ait liom go bhfuil an Stát ag cur ina choinne. Bhí sé i gceist agam chomh maith bord Lá na Poblachta a bhunú. Ba é sin an príomhrud a bhí le rá agam níos luaithe. Ní raibh sé faoi mo réim, ná faoi réim an Stáit. Bhí sé i gceist agam go mbeadh an tAire in ann daoine a ainmniú chuig an mbord. Dúirt mé go mbeadh sé mar chuid de ról an bhoird sin díospóireacht ar na ceisteanna seo a chothú. Cén fáth a bhfuil eagla ar an Aire Stáit faoin gcuid sin den Bhille? Tá sé ag diúltiú ní hamháin don lá saoire, ach freisin don chuid eile den mholadh seo. Dúirt sé nach bhfuil sé i gceist aige an reachtaíocht a scaoileadh ar aghaidh chuig Céim an Choiste. Tá formhór an phobail go huile is go hiomlán taobh thiar de chomórthaí difriúla.

Is féidir leo freastal ar chomóradh an Stáit, ar chomóradh Shinn Féin nó fiú comóradh Fhianna Fáil. Go bhfios dom, níl aon chomóradh eagraithe ag Fine Gael nó ag Páirtí an Lucht Oibre go fóill, ach b'fhéidir go bhfuil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.