Dáil debates
Friday, 9 October 2015
Public Holidays (Lá na Poblachta) Bill 2013: Second Stage [Private Members]
10:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá a lán den mhéid atá le rá agam ráite agam cheana féin. Bhí mé ag súil go mbeadh Aire nó Aire Stáit anseo a léireodh go bhfuil tuisint aige nó aici ar an méid atá i gceist sa Bhille seo, seachas an Aire Stáit a tháinig anseo chun an cheist atá ardaithe agam inniu, agus le tamall de bhlianta anuas, a pholaitiú. Tá an tAire Stáit tar éis iarracht a dhéanamh rud polaitiúil a dhéanamh as rud nár cheart dó a bheith polaitiúil. Níor tháinig mé isteach anseo inniu chun iarracht a dhéanamh bua a fháil ar an Rialtas. Rinne mé iarracht i dtús báire an cheist seo a ardú sa bhealach cuí agus cóir. Tháinig an tAire Stáit isteach agus dúirt sé nach bhfuil mé go hiomlán dáiríre - d'úsáid sé an focal "disingenuous" - ó thaobh an bhealach ina bhfuil an reachtaíocht seo á chur chun tosaigh agam.
You accuse me - and the nerve of you to say-----
No comments