Dáil debates

Tuesday, 22 September 2015

Topical Issue Debate

Air Services Provision

8:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Fuair mé an cheist trí Bhéarla. Tháinig an cheist isteach in Oifig an Cheann Comhairle trí Bhéarla. Is é sin an fáth go bhfuil an freagra foirmiúil i mBéarla. Is í an Ghaeilge an teanga is fearr. Ba mhaith liom mo fhreagra a rá trí Ghaeilge. Cé nach mbeidh mé ábalta cur isteach sa phróiseas, tá sé tábhachtach béim a chur ar an dul chun cinn atá déanta fríd an phróisis, go háirithe ó thaobh cinnteacht agus leanúnachas. Tá leanúnachas tábhachtacht fá dtaobh den cheangal idir an tír mhór agus na hoileáin. Tá mé ag obair go crua.

Tá mé ag déanamh mo dhícheall mar atá mo chomhghleacaithe, na daoine san OGP agus na daoine i mo Roinn féin. Tá mé ag déanamh mo dhícheall agus ag obair gach aon lá ar an ábhar tábhachtach seo.

Mar a bhí mé ag rá níos luaithe, bhí mé i dteagmháil le muintir Árann. Táimse freagrach as ceantar na Gaeltachta, na hoileáin agus an ceangal idir na hoileáin agus an mhórthír. Táim ag lorg iarracht mhór chun dul chun cinn a dhéanamh anseo. Arís, nílim ábalta mórán a rá agus sin an chomhairle dhlí a bhfuair mé ón OGP. Tá próiseas úr ar siúl san OGP. Thosaigh an chéad phróiseas i 2014. Tá an próiseas ag rith comhthreomhar le mo Roinn féin agus tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as an bpróiseas. Cinnte ní bhfaighidh muintir Árann focal fá dtaobh den phróiseas nó a leithéid ag an am seo. Tá mé ag déanamh mo dhícheall réiteach a fháil. Arís, ba mhaith liom m'aitheantas a ghabháil don Teachta Nolan. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Nolan, Seanadóirí sa Teach eile agus na Teachtaí John O'Mahony agus Seán Kyne ag obair go dian díograiseach ó thaobh an phróisis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.