Dáil debates

Thursday, 16 July 2015

Industrial Relations (Amendment) Bill 2015: From the Seanad

 

1:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas le foireann an Aire sa Roinn maidir leis an méid oibre atá déanta acu sa Bhille seo. Tá céim chun tosaigh déanta ag an Rialtas anseo. Bhí easpa struchtúir ann ó thaobh na hoibrithe sna hearnálacha sin agus le linn trí no ceithre bhliain anuas tá titim le feiceáil ina dtuarastal agus sna conditions atá acu. Caithfimid an struchtúr a chur isteach chomh luath agus is féidir chun go mbeidh ardú ann sa tuarastal agus ó thaobh na conditions freisin.

Theip ar an Rialtas an deis a bhí acu chun rudaí a dhéanamh níos fearr do na daoine sin. Is mór an trua nach bhfuil an Rialtas láidir go leor nuair a bhaineann sé le collective bargaining agus nuair atáimíd ag caint faoin Coimisiún um Pá Íseal agus go leor rudaí eile a bhaineann le cúrsaí oibrithe sa tír seo. Ní cheapaim go mbeidh an deis céanna arís ag an Rialtas le fada. Is trua nár thóg siad an deis seo nuair a bhí an seans acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.