Dáil debates

Thursday, 9 July 2015

National Minimum Wage (Low Pay Commission) Bill 2015: Instruction to Committee

 

1:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar a dúirt an tAire Stáit, reachtaíocht teicniúil agus casta atá i gceist anseo. Mar a dúirt sé roimhe seo, is reachtaíocht uaillmhianach é. Glacaim leis go mbeidh leasuithe riachtanach roimh lá tosaithe an choimisiúin. Aontaím leis an Teachta Calleary nár cheart go mbeadh na leasuithe ag teacht chugainn sa tslí seo. Ní hé seo a chéad uair atá sé seo feicthe agam. Ba cheart go dtiocfadh na leasuithe go léir le chéile. Aontaím go gcaithfear iad a dhéanamh. Tá mé ag iarraidh go mbeimid in ann tosnú leis an díospóireacht ar an mBille um Pá Íosta Náisiúnta chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.