Dáil debates

Wednesday, 1 July 2015

One-Parent Family Payment Scheme: Motion (Resumed) [Private Members]

 

7:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is iad tuismitheoirí aonair ceann de na grúpaí is leochaileacha sa tír seo. Tá rátaí díothachta níos airde ina measc ná i measc grúpaí eile. I 2008 bhí 14% de theaghlaigh aonair sa Stát ag fulaingt díothachta. I 2013 bhí 31 % de theaghlach le tuismitheoir aonair ag fulaingt. Faoi chúram an Rialtais seo tá an chomhréir sin tar éis dúbailt agus tá cuma ar an scéal go bhfuil an chomhréir fós ag dul in airde i mbliana.

Nuair a labhraímid faoi dhíothacht tá muid ag déanamh tagairt ar teaghlach nach bhfuil in ann níos mó ná dhá rud as an liosta seo a dhéanamh: dhá phéire bróga a cheannach, cóta mór te a bheith acu le haghaidh an gheimhridh, feoil nó iasc a ithe lá i ndiaidh lae, nó an teas a chur ar siúl ar laethanta fuara i rith an gheimhridh. Is léir go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh níos mó airgid a bhaint ó na clanna seo. Táimid ag caint faoi laghdú €140 gach seachtain le haghaidh teaghlaigh áirithe sa Stát seo. Táimid ag caint faoi dhaoine atá ag fulaingt cheana fhéin agus nach bhfuil in ann na gnáthrudaí a cheannach dóibh féin. Is é an freagra atá ag an Rialtas ar an bhfadhb sin ná níos mó airgid a bhaint díobh.

Cuir san áireamh freisin gur laghdaigh an Rialtas an cháin le haghaidh an úsaicme an bhliain seo chaite agus go bhfuil sé chun an rud céanna a dhéanamh sa cháinaisnéis i mbliana freisin. Tá codarsnacht mhór ann idir an chaoi atá sé ag caitheamh leis na daoine san úsaicme agus an chaoi atá sé ag caitheamh leis na daoine seo. Tá a fhios agam go bhfuil Fine Gael ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na húsaicme ach de ghnáth deir Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil sé ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na hísealaicme agus na meánaicme. Séard atá ag tarlú ná go bhfuil an t-airgead ag dul ón aicme atá thuas agus tá siad lánsásta é a choimeád dóibh féin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé deacair é seo a chreidiúint, fiú leis an méid dochair atá déanta ag an Rialtas go dtí seo. Ní féidir leis an locht a chuir ar an troika nó ar Fhianna Fáil anois agus, mar a dúirt mé cheana, ní féidir a rá nach bhfuil airgead le fáil. Tá airgead ag an Rialtas agus tá rogha aige rud eile a dhéanamh. Tá an cháin seo ag déanamh ionsaí ar fhíordhaoine. Ní staitisticí atá i gceist. Is ar ghnáthmháithreacha agus ar ghnáthpháistí a thitfidh an t-ualach trom. Le níos mó ná coicís anuas tá mná ag teacht isteach i m'oifig dháilcheantair le scéalta deacra. Tá siad buartha, imníoch agus trína chéile. Tá na deora ag sileadh leis an bhfaitíos atá orthu. Seo iad na rudaí atá siad ag rá.

Orla from Navan stated:

It costs me €90 a week (€30 a day) to have my children minded while I work 15 hrs. I've been told that because I only work 15 hrs a week I'm not entitled to FIS and my income will be down €83 a week. That means I have to give up work, I can't afford it anymore.
Aoife from Longwood stated, "I feel like I'm being punished for leaving a man who was abusing me". Martina from Navan stated, "I have to send my son to live with his dad, I can't afford to be his ma right now between rent increases and now this I just feel like giving up".

Áine from Athboy stated being a mother was a punishable crime in Ireland, especially if you had to do it alone. Helene from Trim stated, "l'm down €90 a week, does she realise how far I make that money go? Does she know what it's like to have to shout at her kids for taking an extra slice of bread or bowl of cereal out of fear we won't have enough for the week?" Aisling said, "l never felt so worthless in my life". Laura wants to know is it legal to leave a 12 year old at home by herself minding her seven year old brother after school?

Nuair a luaigh an tAire an cuspóir seo ar dtús cúpla bliain ó shin, dúirt sí nach dtiocfadh sé isteach do dtí go raibh córas cúram páistí inacmhainne ar fáil. Mar is eol do chách, go háirithe gach duine i m'aoisghrúpa, níl cúram páiste inacmhainne nó a leithéid le fáil sa tír seo. Tá an tAire tar éis sochar linbh a ísliú arís agus arís eile agus níl an cumas ag tuismitheoirí íoc as na táillí daoire atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.