Dáil debates

Wednesday, 17 June 2015

Consumer Protection (Regulation of Credit Servicing Firms) Bill 2015: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is dul chun cinn é an Bille seo, gan dabht. Bhí sé dochreidte gur fhágadh muintir na morgáistí IBRC amuigh san fhuacht go dtí seo mar gheall ar rialachán morgáiste. Is fadhb uafásach mhór í fós an ghéarchéim morgáiste sa tír seo. Tá duine as seisear i mo chontae féin i bponc mar gheall ar a mhorgáiste. Is fadhb mhór fós é fiachas a bhaineann le gnóthaí thart timpeall na tíre. Tá an rud a tharla do mhuintir na morgáistí IBRC dochreidte, go háirithe i gcodarsnacht le daoine ar nós Denis O'Brien agus Siteserv. Ní bhfuair siad aon ísliú fiachais ná aon ísliú sa ráta úis ar chor ar bith. Caitheadh amach iad sa cheantar gan rialachán. Fuair na gnóthaí móra, iad siúd leis an airgead a chruthaigh na fadhbanna móra a chur an tír seo i ngéarchéim i dtús, gach cabhair ó IBRC agus ón Rialtas. Iarraim ar an Aire iarracht a dhéanamh as seo amach nuair atá sé i mbun na hoibre seo gach duine a chur ar an leibhéal céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.