Dáil debates

Wednesday, 10 June 2015

Central Bank (Mortgage Interest Rates) Bill 2015: Second Stage [Private Members]

 

5:50 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

7 o’clock

Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag labhairt faoin gceist seo mar tá sé ag déanamh tinnis do dhaoine le blianta anuas cé chomh hard is atá an ráta úis sa tír seo, go háirithe rátaí úis na mbanc atá faoi smacht an Rialtais, agus go bhfuil siadsan ag íoc rátaí níos airde ná mar is gnách ar mhorgáistí a ghlac roinnt acu le déanaí agus roinnt eile roimh an crash a tharla cúpla bliain ó shin. Séard atá i gceist againn ná déileáil leis an fadhb atá ann mar go bhfuil ráta úis á ghearradh ar dhaoine sa tír seo atá go minic 1.5% nó 2% níos airde ná mar atá sé i Sasana ná san Aontas Eorpach i gcoitinne. Séard is brí leis sin ná go bhfuil níos lú airgid ag daoine gach uile seachtain nó gach uile mhí agus is suim mhór airgid atá i gceist.

Mar shampla, laghdaigh mo bhanc an ráta úis ar mo mhorgáiste an mhí seo caite 0.25% nó beagán sa bhreis ar sin. Is buntáiste domsa de €30 nó €40 sa mhí nó sa tseachtain é. Is suim mhór airgid é sin domsa ach is suim mhór mhillteach í do gnáthdhaoine atá ar an ngannchuid, atá i gcruachás maidir le morgáiste. Mar a dúirt mé, ní raibh ach 0.3% i gceist. Má mhéadaítear é sin thar bhliain iomlán suas go dtí an figiúir go mba chóir go mbeadh sé de réir an mheáin san Eoraip, bheadh beagnach €2,000 sa bhliain níos mó ag gnáthphobal na tíre. Chaithfeadh siadsan é ar ghnáthrudaí don teach den chuid is mó. Ní bheadh siad i sáinn chomh mór is a bhfuil go leor acu faoi láthair agus ní bheadh siad ag brath ar an Stát chun cuideadh leo. Chaithfeadh siad an t-airgead sa gheilleagar áitiúil, áit nach bhfuil sé faoi láthair toisc go bhfuil siad i gcruachás agus toisc go bhfuil na bainc á robáil. Is é sin an príomhrud gur chóir dúinn déileáil leis amach anseo. Ba chóir go mbeadh an fhadhb réitithe ag an Rialtas seo cheana ach tá teip iomlán air mar tá teip iomlán air. Tá gnáthphobal na tíre seo, nó go leor acu, sásta an an morgáiste agus na hiasachtaí atá acu a íoc agus tá siad tar éis iad a íoc in ainneoin nach raibh siad in ann bia a chur ar an mbord nó íoc as scolaíocht agus go raibh cruachás eile ina saol. Bhí siad chun é seo a dhéanamh toisc go raibh siad ag iarraidh déanamh cinnte de go raibh dídean acu agus ag a bpáistí agus gur chonaic siad nach raibh an dara rogha acu toisc nach raibh an Rialtas seo, ná an Rialtas roimhe, sásta infheistíocht cheart a dhéanamh ar thithíocht shóisialta. Chomh maith leis sin, feiceann siad go bhfuil cíosanna ag ardú sna tithe timpeall orthu le dhá bhliain anuas. Tá cruachás ann agus tá roinnt den locht ar an Rialtas seo.

Ní gá dúinn ach smaoineamh siar ar ráiteas an Teachta Gilmore nuair a bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ina Thánaiste. Dúirt seisean leis an Teachta Pearse Doherty, a chur an Bhille seo le chéile, "Deputy Doherty need be in no doubt that this Government will act decisively, forcefully and effectively with the banks". Ní dhearna an Rialtas é sin sa bhliain sin, 2011, agus ní dhearna sé é ó shin. Níl sé sásta fós é sin a dhéanamh. Mar sin, táim ag impí ar an Aire ní amháin tacú leis an mBille seo ach déanamh cinnte freisin go ndéanfar gníomh de réir briathar an Teachta Gilmore. Is linne na bainc seo. Ní chóir go mbeadh fadhb ann ach is é an fhadhb ná nach bhfuil an Rialtas sásta seasamh in éadan na mbanc agus go bhfuil sé sásta ualach breise a chur orthu siúd atá morgáistí acu sna bainc Stáit seo.

Ní amháin gur íoc muid as na bainc seo trí airgead an Stáit ar fad a chur isteach i ráthaíocht do na banc agus iarracht a dhéanamh tarrtháil a dhéanamh orthu, ach anois tá an Rialtas ag iarraidh orthu siúd atá morgáiste acu íoc sa bhreis ar an ngnáthráta úis agus tá orthu siúd atá ag déanamh gnáthbhaincéireacht leis na mbainc sin táillí a íoc nach raibh orthu íoc roimhe sin. I 2009, sular ghlacadh EBS faoi seilbh an Stáit tríd é a chur isteach in AIB, ní raibh aon táillí ar an ngnáthdhuine a raibh cuntas acu. Anois tá orthu táillí a íoc agus tá orthu ús breise a íoc má tá morgáiste acu cé go bhfuilimid tar éis é a íoc cheana féin.

Tá an Rialtas ag cur an ualaigh ar fad ar ghnáthphobal na tíre in áit é a chur orthu siúd a mba chóir go mbeadh sé orthu. Is é sin le rá, na sealbhóirí bannaí sóisearacha agus fiú, mar a dúirt Páirtí an Lucht Oibre roimhe sin, na sealbhóirí bannaí sinsearacha, ach ní raibh siad sásta glacadh leis sin. Rinne an Rialtas an phraiseach. Mar sin, táimid ag iarraidh orthu ar a laghad glacadh leis an reachtaíocht seo chun déanamh cinnte de go mbeidh airgead breise i bpócaí na ndaoine atá morgáistí acu amach anseo.

Ní leor a rá, mar a dúirt an tAire, an Teachta Noonan, gur féidir linn fanacht cúpla mí agus go ndéileálfaimid leis ag am an Bhuiséid. Sin cúig mhí breise ag íoc 2% níos mó ná mar a chóir go mbeadh daoine ag íoc do go leor daoine sa Stát. Is am thar an gnách atá i gceist againn anseo. Ghlac an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe cheana gur am thar an gnách é agus thóg sé isteach reachtaíocht éigeandála a ghoid tuarastal daoine, a laghdaigh na huaireanta a bhí acu, agus a ghearr na seirbhísí a bhí ar fáil do ghnáthcháiníocóirí an Stáit. Chuir sé breis cánach ar ghnáthphobal na tíre ach ní raibh sé sásta bogadh i gcoinne na mbanc seo chun déanamh cinnte go raibh airgead i bpócaí an ghnáthdhuine agus airgead á chaitheamh i ngnáthgheilleagar ceantar aitiúla.

Sin an méid atá á lorg againn anseo: go nglacfar leis go bhfuil éigeandáil i gceist, nach bhfuil na bainc ag déileáil le gnáthphobal na tíre go cothrom, gur chóir go mbeadh an Stát ag déanamh cinnte de go bhfuil sé sin brúite orthu ar feadh 12 mhí ar a laghad agus go mbeadh orainn teacht ar ais go dtí an Teach seo i gceann bliana chun a rá ar chóir dúinn leanúint leis seo toisc nach bhfuil de bhéasa ag na mbainc déileáil leis an bpobal mar ba chóir.

Is sort léiriú é gur ghá dúinn é seo a dhéanamh ar fhadhbanna an chaipitleachas ina iomlán. Tá fadhb ann nuair nach féidir leis an Stát déileáil leis an margadh nó a ladair a chur isteach sa mhargadh, nó nuair a chreideann daoine, ar an taobh sin den Teach ag go háirithe, nár chóir dó é sin a dhéanamh. Measaim féin gur chóir don Stáit seasamh isteach i gcónaí agus tacú le gnáthphobal na tíre i gcoinne na bainc nó na buic móra sa tír seo. Sin í an difríocht dir mise agus iad siúd ar an taobh eile den Teach Níl sé sin déanta ag an Rialtas seo go dtí seo agus tá fíorbheagán ama fágtha aige. Táim ag impí air inniu an chéad chéim a thógáil maidir leis na mbanc agus déanamh cinnte de go bhfuil an Stát ag seasamh le gnáthphobal na tíre agus nach bhfuil sé ag seasamh leis na mbuic móra agus déanamh cinnte freisin go bhfuil airgead breise ag gnáthphobal na tíre. Caithfidh siad sa tír seo é. Ní bheidh siad ag dul thar lear. Ní bheidh siad ar nós na buic móra sa tír seo. Ní chuirfidh siad an t-airgead sin isteach i dtithe thar lear. Caithfear é ar ghnáthtithe agus i ngnáthshiopaí sa tír seo agus beidh buntáiste ansin do ghnáthgheilleagair na tíre agus don sochaí ar fad, seachas an gnáthchéim atá tógtha ag an Stát go dtí seo, is é sin le rá, neamhaird a thabhairt do gheilleagair áitiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.