Dáil debates

Tuesday, 26 May 2015

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Irish Language

5:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha faoi níos mó bhrú ná mar a bhí le fada. Is fíor a rá nach bhfuil ach 1,000 dalta ag caint Gaeilge mar ghnáth-theanga sna Gaeltachtaí ag an bpoinnte seo. Bhí brú ann ón imirce. Tá brú ann faoi láthair straitéis oideachas tré Bhéarla a thabhairt isteach sna scoileanna Gaeltachta ag an bpoinnte seo. Is deacracht é seo go gcaithfimid glacadh leis sin. Tá fios ag an Teachta go bhfuil na Gaelscoileanna ar fud na tíre ag déanamh togha oibre ó thaobh oideachas tré Ghaeilge a thabhairt do na daltaí agus do na gasúir atá ag freastal orthu, ach níl an rud ceanna céanna ag tarlú sna Gaeltachtaí faoi láthair. Mar a dúirt mé, níl ach suas le 1,000 dalta ag caint Gaeilge mar ghnáth-theanga sna Gaeltachtaí ag an bpoinnte seo.

Aontaím leis an Teachta agus leis an tuarascáil a fhoilsigh an coimisinéir nach bhfuil cuid de na heagraisí, comhairlí contaethat agus Rannóig Stát ag déanamh a ndícheall chun an Ghaeilge a choiméad agus a láidriú agus a bheith ina theanga ar féidir duine ar bith a úsáid i leith a chuid ghnó laethúil. Cé go bhfuil cinnlínte Bhille le tabhairt isteach anseo, is féidir linn, mar Oireachtas, an díospóireacht sin a bheith againn ó thaobh an Ghaeilge, an canúint agus múineadh na teanga de agus ó thaobh céard tá in ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge as seo amach.

Tá fios ag an Teachta go bhfuil airgead á chaitheamh an t-am ar fad, go bhfuil togha oibre á dhéanamh i gcuid de na háiteanna agus go bhfuil an-obair déanta le blianta anuas ach níl sé chomh láidir agus ba chóir. Nuair a thabharfaidh an tAire Stáit an Bille isteach anseo le díospóireacht a bheith againn, is féidir linn, mar Dáil, díospóireacht i bhfad níos leithne a bheith againn ar chúrsaí Gaeltachta, an an nGaeilge, ar mhúinteoireacht sa Ghaeltacht agus sna scoileanna Gaeltachta agus ar an obair atá á dhéanamh ag na nGaelscoileanna ar fud na tíre. Beimid in ann breathnú orthu sin, straitéis a bhunú agus athruithe a dhéanamh más féidir agus más cóir ionas go mbeadh i bhfad níos mó oibre á dhéanamh taobh istigh de na heagraisí ar fud na tíre i leith an teanga agus í a labhairt agus go mbeadh cead ag an ghnáthduine a chuid ghnó a dhéanamh as Gaeilge más mian leis é sin a dhéanamh.

Le linn an tuarascáil a fhoilsigh an coimisinéir, is fíor agus is léir nach bhfuil an jab á dhéanamh mar ba chóir agus go gcaithfimid déileáil leis sin as seo amach. B'fhéidir, más mian leis an Teach, go mbeidh díospóireacht againn ó thaobh an tuarascáil sin nó ag éirí as an mBille a thabharfaidh an tAire Stáit isteach. Beimid ar a laghad dírithe ar na deacrachtaí seo i dtreo is go mbeadh muid in ann moltaí ón Aire Stáit a chur chuig an Rialtas i leith an mbuiséad atá le teacht agus go bhfeicfimid an féidir linn níos mó a dhéanamh nó níos mó áiseanna a dhíriú ar na deacrachtaí agus na fadhbanna atá ann ag an bpoinnte seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.