Dáil debates

Wednesday, 13 May 2015

Workplace Relations Bill 2014: From the Seanad (Resumed)

 

11:30 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim mo mhíle buíochas don fhoireann as ucht an méid oibre atá déanta acu ar an mBille seo agus gabhaim mo chomhghairdeas don Aire. Bhí an seanchóras ró-chasta agus ró-dheacair do ghnáthoibrithe na tíre. Ba cheart slí níos éasca agus níos dírí a bheith ar fáil dóibh chun a gcuid cearta a bhaint amach. Táim fós buartha faoin sprioc a bhí lárnach sa Bhille seo. Airgead a shábháil ab ea an sprioc sin. Ba cheart go mbeadh cearta na n-oibrithe mar phríomhsprioc ag an Rialtas maidir le gach aon Bhille dá leithéid seo. Tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas gach píosa oibre atá fós le déanamh chun go mbeidh na cearta sin lárnach sa chóras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.