Dáil debates

Thursday, 26 March 2015

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar atá fios ag an Tánaiste, tá sé ceithre bliana anois ó foilsíodh clár reachtaíochta an Rialtais, the Government's legislative programme. Sa chlár reachtaíochta sin, bhí geallúint tugtha go dtabharfaí isteach Bille le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Fuaireamar geallúintí go leor sa Dáil le bliain nó dhó anuas go mbeadh an Bille seo ag teacht isteach. Táimid ag druidim le deireadh téarma eile Dála an tseachtain seo chugainn. An bhféadfadh an Tánaiste insint dom agus don Teach cén uair gur féidir linn a bheith ag siúl go dtabharfar isteach an Bille seo is é sin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.