Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

4:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní dhearna an Teachta Ó Snodaigh botúin. Mura bhfuil daoine ag foghlaim nó ag athfhoghlaim na Gaeilge, is é an rud is tábhachtaí ná an iarracht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do gach duine sa Teach, sa tír - sa Tuaisceart nó sa Deisceart - agus timpeall an domhain. Fuair mé teachtaireacht ó fhear ón Astráil an samhradh seo caite. Bhí sé ag athfhoghlaim Gaeilge agus bhí sé os cionn 80 bliain d'aois. Níl sé i bhfad ródhéanach chun dul ar ais, an Ghaeilge a athfhoghlaim agus an focal a scaipeadh do 80 duine eile.

Má tá smaointe úra nó moltaí úra ag aon duine sa Teach seo, táimse anseo. Ba mhaith liom oibriú le chéile agus oibriú leis na heagraíochtaí atá ag obair go dian ar fhiontar, nuálaíocht agus tionscadail sna ceantair Gaeltachta. Aontaím leis na moltaí faoin nGaeilge. Tá sé tábhachtach an teanga a choinneáil beo. Tá ceangal mór ag Slí an Atlantaigh Fhiáin go náisiúnta agus go idirnáisiúnta leis mar tá ceangal mór idir an teanga Gaeilge, an stair, an cultúr, gach rud a tharlaigh sna ceantair agus muintir na háite. Mar a dúirt na daoine i mo cheantair féin, "keep her lit" - coinnigh ag dó í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.