Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

4:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Baill. Chuala mé go leor teachtaireachtaí. Chuir siad moltaí úra in iúl dom. Chuala mé na teachtaireachtaí seo. Gabhaim buíochas le gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht. Thug 12 Teachta eolas agus moltaí dom sa díospóireacht, as Béarla agus as Gaeilge. Tá cúpla nóiméad agam agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le chuile dhuine sa Teach seo, sa Seanad agus taobh amuigh de Theach Laighean faoin bhfíoriarracht a rinneadh ar son na Gaeilge. Rinneadh iarracht an teanga agus an sárobair a dhéantar ar a son a bhogadh chun tosaigh.

Tá mórán grúpaí freagrach as an teanga ach tá dualgas orainn go léir an Ghaeilge a chur chun cinn agus go háirithe na grúpaí, mar shampla Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus gach grúpa eile a d'oibrigh go dian thar na blianta. Níor tharla an sárobair inniu nó inné. Tharla sí thar na blianta. Cuireadh fíoriarracht isteach sa chlár agus tá clár mór ann. Labhair mé san óráid faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, faoi na limistéir pleanála agus faoi na líonraí sna ceantair lasmuigh den Ghaeltacht atá Foras na Gaeilge freagrach astu. Tá ról mór ag Údarás na Gaeltachta. Tá an ceart ag an Teachta Ó Críod. B'fhéidir go bhfuil ról mór againn maidir leis an obair dhearfach a dhéanann sé a chur in iúl do dhaoine. Mar shampla, i mo cheantar féin tá Randox sa Chlocháin Liath. Bhí ceangal mór idir an chomhlacht seo agus Údarás na Gaeltachta agus anois tá Randox ag lorg oibrithe agus tá scéal dearfach ann.

Fuair mé teachtaireacht dearfach inniu. Bhí na Baill ionraic. Tá fadhbanna ann, tá dúshláin ann, ach tá deiseanna ann fosta. Tá daoine le Gaeilge thart timpeall orainn uilig. B'fhéidir go bhfuil duine i do pharóiste féin ag éirí amach as a phost mar mhúinteoir scoile agus Gaeilge acu. Tá Gaeilge sna ceantair Gaeltachta agus tá daoine lasmuigh de na ceantair Gaeltachta le Gaeilge acu. Is é sin an rud is tábhachtaí, go mbeadh na daoine atá Gaeilge acu á húsáid. Ná bí buartha faoi bhotúin. Cinnte déanaimse botúin. Rinne an Teachta Ó Críod cúpla botúin freisin, ach tá sé ag déanamh fíoriarracht agus is é sin an rud is tábhachtaí. Ní ligfidh mé d'eagla faoi bhotúin mé a choinneáil siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.