Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam maidir le reachtaíocht atá fógraithe. Cathain a bheidh an t-athrú nó an cur i leathtaobh d'Údarás Forbartha Duganna Bhaile Átha Cliath foilsithe agus á phlé sa Teach. Cathain a bhfoilseofar an reachtaíocht chun an Digital Hub a aistriú ón seasamh neamhspleách atá aige fé láthair lastigh do chúram an Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ní fheicim é ar an gclár reachtaíochta. Bhí sé ann nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht. Bhí sé ann ar feadh dhá bhliain. Anois tá an cuma air go bhfuil sé imithe.

Gabhann mo chéad cheist eile le treoracha ón Aontas Eorpach. Is iad san Treoir 2014/23, Treoir 2014/24 agus Treoir 2014/25. Ba chóir go mbeadh na treoracha seo trasuithe sa dlí roimh Aibreán an bhliain seo chugainn. Gabhann siad le soláthar poiblí, fóntais agus lámhaltas. Is iad san procurement, utilities agus concessions. Rinneadh athruithe ar an gclár SICAP, social inclusion and community activation programme, le déanaí. Dá mbeadh an reachtaíocht seo i bhfeidhm, b'fhéidir go mbeadh sé go hiomlán difriúil. Is treoracha ón Aontas Eorpach iad. Caithfimid é seo a dhéanamh, but níl sé ar an gclár oibre in ainneoin go gcaithfidh na treoracha seo a bheith trasuithe sa dlí roimh Aibreán an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.