Dáil debates
Wednesday, 11 March 2015
Leaders' Questions
12:25 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Ní hí Meiriceá amháin atá ciontach ansin. Tá a fhios ag an Teachta de Bhailís faoi sin ó thaobh chúrsaí staire de. Ní labhair sé ach faoi Mheiriceá amháin. Ní ghlacfainn lena chomhairle faoi chúrsaí Mheiriceá. Ba cheart dó freisin labhairt amach fúthu siúd atá ag cruthú fíorthubaiste atá uafásach ar fad, ní hamháin le daoine fásta ach le gasúir na dtíortha eile atá ag fáil bháis chuile lá agus cur isteach uafásach go deo á dhéanamh orthu. Labhróidh mé leis an Uachtarán faoi chúrsaí cearta daonna go coitianta. Labhraím leis chuile uair a bhíonn seans agam bualadh leis. Cuirfidh mé an scéal chuige ó Éirinn cé chomh láidir is atáimid ag éirí go heacnamaíoch agus na postanna atá á chruthú ní hamháin anseo ach i Meiriceá freisin. Má tá seans agam, luafaidh mé na daoine atá i Meiriceá go mídhleathúil. Tá rud déanta ag an Uachtarán fúthu sin ach níor ghlacadh leis an gcinneadh sin sa pharlaimint fós.
No comments