Dáil debates
Wednesday, 11 March 2015
Leaders' Questions
12:15 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Níl mé ag cur isteach ar am an Teachta ar chor ar bith. Nach bhfuil an córas ag obair? Cuir ort na cluasáin. An bhfuil na cluasáin ag obair anois a Theachta? Tá.
Tá trí rud luaite ag an Teachta, cúrsaí cine daonna, cúrsaí míleata agus cúrsaí polasaí Mheiriceá go hidirnáisiúnta. Craithfidh mé lámh le hUachtarán Mheiriceá agus táim an-toilteanach é sin a dhéanamh. Tuige nach mbeadh agus na ceangail críonna idir an tír seo agus Meiriceá le blianta fada anuas ó thaobh comhlachtaí, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí stairiúla agus cúrsaí polaitíochta? Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil suas le 150,000 Éireannach ag obair i gcomhlachtaí Meiriceánacha anseo agus suas le 80,000 Meiriceánach ag obair le comhlachtaí Éireannach i Meiriceá féin. Níl an Teachta ag rá liom, an bhfuil, gur trí Mheiriceá atá Boko Haram ag obair, nó an bhfuil sé ag rá gur trí Mheiriceá atá ISIS ag obair agus go bhfuil an locht ar Mheiriceá go bhfuil na mílte duine ag fáil bháis gach seachtain? Nó an bhfuil sé ag rá sin faoi pholaitíocht na Rúise, atá ag cur isteach ar an Chrimé agus ar an Úcráin?
Bíonn gach uile duine ag cur isteach ar Mheiriceá, ach nuair a bhíonn trioblóid ann, bíonn siad ag brath ar Mheiriceá, mar a dheineadar le blianta fada anuas, mar shampla leis an dá cogadh domhanda. Cinnte, labharfaidh mé faoi chúrsaí cine daonna le hUachtarán Mheiriceá. Tuige nach ndéanfainn sin? Bím ag labhairt faoi na cúrsaí sin gach uile uair a bhíonn seans agam casadh leis. Sin atá i gceist.
No comments