Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:15 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an tréimhse íslithe anois, ó 12 bliain go dtí trí bliana ag an bpointe seo. Ní mar thimpiste a tharla sé go bhfuil i bhfad níos mó ná 100,000 de na cásanna seo socraithe ag na bancanna leis na húinéirí agus is maith an rud é sin, ach tá 37,000 nó 40,000 ann faoi láthair a bhfuil deacrachtaí éagsúla ag baint leo.

Tá a fhios againn cad iad na cásanna atá i gceist ansin. Chun iad siúd a réiteach, caithfimid brú a chur ar na bainc moltaí eile a chur ar an mbord i dtreo agus go mbeidh socruithe ar fáil. Mar adúirt mé, beidh cead ag an Teach díospóireacht a bheith anseo faoi na moltaí sin. Séard atá i gceist ná go mbeidh cead ag gach uile clann an teach atá acu a choimeád. An cheist atá ann ná, conas is féidir sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.