Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:05 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Nuair a tháinig Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, gheall siad tabhairt faoin géarchéim morgáiste. Mar an gcéanna le gearchéim fiacha an Stáit, theip ar an Rialtas go dona. Dúirt an Banc Ceannais go bhfuil 37,000 duine go dona i bhfiacha agus faoi bhrú ag an dlí anois. I mo dháilcheantair, tá na bainc ag iarraidh 249 teach a bhaint ó theaghlaigh. Sin drochscéal. Nuair a foilsíodh na figiúir i mí Mheán Fómhair 2012, ní raibh ach 20,000 duine i gceist. Ní ionann scéal an Rialtais agus na scéalta faoi dhaoine atá ag cailliúint a dtithe agus atá faoi bhrú ag na bainc. Is iad seo na bainc céanna a thug an Rialtas airgead dóibh. Rinne an Rialtas an praiseach seo. Níor chuidigh an Rialtas leis na daoine agus na teaghlaigh atá ag calliúint a dtithe lena pholasaí. Níl biseach ar an scéal nuair atá daoine ag cailliúint a dtithe gan aon áit le dul acu agus fiacha móra orthu. Ba cheart do chásanna na ndaoine seo atá i dtrioblóid a bheith réitithe. An gcuideoidh an Rialtas leis na ndaoine seo atá faoi bhrú agus atá imní orthu faoin Acht?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.