Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:05 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé fíor le rá gur chóir go mbeadh faisnéis soiléir ag chuile oibrí atá ag obair leis an gcomhlacht seo. Níl sé sásúil nach bhfuil an eolas sin le fáil acu. Níl sé mar chumas ag an Rialtas brú a chur ar chomhlacht ar bith agus ordú dóibh í a chur ar fáil. Aontaím leis an Teachta maidir leis seo. Tá sé seo déanta ag comhlachtaí eile ar nós an ceann a luaigh an Teachta le fada. Tá faisnéis soiléir tugtha acu siúd dá n-oibrithe. Ba chóir go mbeadh an rud céanna le fáil ag na hoibrithe atá ag obair in Dunnes Stores. Níl an Rialtas ag cur brú ar an Aire Stáit, an Teachta Nash. Tá dualgas dlíthúil agus bunreachtúil aige ón Rialtas agus is fé chúram an Aire um Post, Fiontar agus Nuálaíoch, an Teachta Bruton, an rud seo chomh maith. Tá an tAire Stáit ag obair go dian maidir le ceist na noibrithe nach bhfuil ach pá íseal acu, coimisiún a bhunú agus na conarthaí gearrthéarmach atá ann faoi láthair. Sin atá i gceist agus sin an dualgas bunreachtúil agus dualgas rialtais atá ann. Tiocfaidh an tAire Stáit chuig an Rialtas nuair a bheidh an tuarscáil ar fáil agus nuair a bheith moltaí le cur os comhair an Rialtais aige.

Tá súil agam nach dtiocfaidh an stailc seo os ár gcomhair. Ba chóir go mbeadh an comhlacht agus na hoibrithe in ann an fhadhb seo a réiteach. Tá sé réitithe ag na comhlachtaí eile. Tá faisnéis soiléir ag na hoibrithe sna comhlachtaí eile, ina measc sonraí ar an méid uaireanta cloig a bheidh orthu obair i ngach seachtain agus mar sin de. Ba chóir go mbeadh an t-eolas sin ar fáil. Tá an Teachta ceart sa mhéad ina bhfuil á rá aige. Ba chóir go mbeadh na mná seo in ann a rá dá gclann na laethanta agus na huaireanta sa lae a bheidh siad ag obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.