Dáil debates
Wednesday, 11 March 2015
Leaders' Questions
11:55 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá a fhios go maith ag an Teachta go bhfuil ardú céime ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre le tamall beag anuas. Ceithre bliana ó shin, ní raibh sé ar ár gcumas postanna ar bith a chruthú. Tá cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos láidre anois. Is fíor a rá go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí fostaíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Tá Luimneach ag ardú go láidir ag an bpointe seo. Tá Corcaigh agus Port Láirge ag teacht aníos freisin. Is é sin an fáth go bhfuil straitéis réigiúnach leagtha amach ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí infheistíochta ó tíortha thar lear. Táimid ag iarraidh cabhair a thabhairt do na comhlachtaí ar fud na tíre atá in ann easpórtáil a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil cúrsaí talmhaíochta agus eacnamaíochta á láidriú freisin, ó thaobh na scéimeanna áirithe atá leagtha amach in áiteanna ar fud chuile chontae.
Tá a fhios agam go bhfuil suas le 500 duine ag obair sa chomhlacht a luaigh an Teachta. Ní hé seo an chéad uair go raibh stailc ag teacht, nó curtha ar bun ó thaobh vótaí na n-oibritheoirí, sa chomhlacht sin. Bhí mé ag caint le hoifigigh an cheardchumainn faoin deacracht seo le déanaí. Tá an tAire Stáit, an Teachta Nash, ag déileáil le cúrsaí dlí fostaíochta ó thaobh na n-oibritheoirí nach bhfuil conarthaí seasmhacha acu. Tá sé ag obair ar an ábhar sin faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil coimisiún curtha ar bun dóibh siúd a bhfuil pá íseal acu. Cuirfear tuarascáil an choimisiún sin faoi bhráid an Rialtais roimh mí Iúil. Tabharfaidh an Rialtas freagra ar mholtaí an choimisiúin roimh an mbuiséad agus ag am an bhuiséid.
Tá na heagrais Stáit a luaigh an Teachta réidh, agus bhí siad réidh, chun déileáil am ar bith leis an gcomhlacht seo, leis na fostóirí sa chomhlacht agus go deimhin leis na n-oibritheoirí sa chomhlacht. Cé go bhfuil na n-oibritheoirí tar éis a gcuid vótaí a chaitheamh, tá súil agam go mbeidh siad in ann déileáil go cruinn leis an deacracht atá ann ionas go mbeidh faisnéis shoiléir agus sheasmhach ag na n-oibritheoirí atá ag obair don chomhlacht seo. Tá cuid acu ag obair ann le blianta fada anuas. Ba cheart go mbeadh sé indéanta an fhadhb seo a réiteach idir an chomhlacht agus na n-oibritheoirí. Muna bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, tá na heagrais Stáit ann chun tuilleadh cabhrach a thabhairt dóibh.
No comments