Dáil debates

Tuesday, 10 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2015: Ordú don Dara Céim - Thirty-fourth Amendment of the Constitution (Marriage Equality) Bill 2015: Order for Second Stage

 

Bille dá ngairtear Acht chun an Bunreacht a leasú. DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú: Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas: Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge; (b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla. Lua2. (1) An Ceathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.(2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 a ghairm den Acht seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.