Dáil debates

Tuesday, 10 March 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Bus Éireann Services

2:10 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An mí seo caite, fógraíodh go raibh Bus Éireann chun breis agus 100 seirbhís dá chuid a chiorrú. Is seirbhísí bus iad seo a fhreastalaíonn ar bhailte agus ar shráidbhailte iargúlta. Fógraíodh chomh maith go leanfaí le dhá bhealach thábhachtacht a athrú i slí ins nach mbeidh siad ag freastal ar roinnt stadanna iargúlta anois. Is é an baol atá ann ná go dtarlóidh sé seo le bealaí eile chomh maith. Is ó Chluain Meala go Baile Átha Claith-Aerfort Bhaile Átha Cliath a bheidh i gceist le bealach uimhir a 7 anois agus ní ó Corcaigh go Baile Átha Cliath-Aerfort Bhaile Átha Cliath. Beidh deireadh le bealach uimhir a 5 ó Bhaile Átha Cliath go Port Láirge ach sínfear bealach uimhir a 4 go Ros Mhic Thriúin. Tá imní ar an-chuid daoine faoin bplean seo. Tá imní ar na daoine sna bailte ar na bealaí seo faoin tslí ina cuireadh na hathruithe seo isteach orthu agus ar eacnamaíocht an bhaile. Tá fios ag an Aire go ndúnadh na bancanna i sráidbhailte éagsúla. Tá an seans ann agus imní ann go dtarlóidh an rud céanna anois agus go ndéanfaidh sé damáiste do bhailte éagsúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.