Dáil debates

Friday, 6 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Triocha ar an mBunreacht (Neodracht) 2013: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha] - Thirty-fourth Amendment to the Constitution (Neutrality) Bill 2013: Second Stage [Private Members]

 

11:30 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do mo chomhghleacaí, an Teachta Seán Crowe, as an mBille iontach tábhachtach seo a chur os comhair na Dála. Is é cuspóir an Bhille ná ceist na neodrachta a chur os comhair muintir na hÉireann. Ní hé seo an chéad iarracht atá déanta ag Sinn Féin dul sa tóir ar an gcuspóir sin. Rinneamar iarracht roimhe seo sa bhliain 2003 nuair a bhí gluaiseacht frith-chogaíochta ag fás timpeall na cruinne ós rud é go raibh Rialtas na Stáit Aontaithe ag ullmhú le haghaidh Cogadh na hIaráice. Tá a fhios ag cách cad a tharla sa Iaráic ag an am sin. Is tubaiste millteannach é go bhfuil torthaí an chogaidh sin fós ag feidhmiú, dosaen bliain ina dhiaidh. Chuaigh níos mó na 100,000 duine ar mhórshiúl ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ag an am sin, mé féin ina measc. Thugamar teachtaireacht láidir don Rialtas, don Stát agus do Rialtas na Stáit Aontaithe; sé sin, "ná déan inár n-ainmneacha é". Oideachas polaitiúil géar a bhí ann do na mílte daoine a fhreastal ar an mhórshiúl sin. Roimhe sin, bhíomar den tuairim gur rud lárnach ab ea polasaí neodrachta na tíre seo. Is trua a rá go rabhamar mícheart.

An rud ba mhó a thug mé faoi deara agus mé ag féachaint siar ar tras-scríbhinn na Dála ón am sin ná an easpa cúis a bhain le séanadh prionsabal na neodrachta a chur isteach sa Bhunreacht. Bhí Fianna Fáil trína chéile ar urlár na Dála ag iarraidh seasamh an pháirtí sin i dtaobh na neodrachta a chosaint agus, ag an am céanna, ag iarraidh síniú suas go dtí rudaí cosúil leis an bhfeachtas Partnership for Peace a bhí ag NATO. Is trua a rá gur ocsamórón amach is amach a bhí ann. Sa bhliain 2003, mhínigh Aire ó Fhianna Fáil don Dáil go raibh neodracht míleata mar pholasaí ag an Stát seo le fada. Dar leis, ní raibh idé-eolaíocht na tíre seo neodrach. Leis an fhírinne a rá, léirigh sé sin an easpa tuiscine agus an dícheangal a bhí idir Fhianna Fáil agus muintir na tíre seo. Dá mbeadh a leithéid curtha os comhair muintir na hÉireann mar reifreann, is dóigh liom go bhfoghlaimeodh Fianna Fáil cé chomh tábhachtach is atá polasaí neodrachta don tír seo.

Sa bhliain 2013, rinne an Peace and Neutrality Alliance pobalbhreith trí Red C mar gheall ar polasaí neodrachta na tíre seo. Bhí sé an-suimiúil. Dhírigh Red C isteach ar an gcogadh atá ag tarlú sa tSiria ag an bomaite. Ní raibh said ag caint faoi rudaí ar pháipéar amháin - bhí said ag caint faoi chogadh uafásach atá ar siúl go fóill. Nuair a d'iarr siad an cheart don tír seo bheith neodrach, dúirt 78% de na daoine gur cheart go mbeadh. Nuair a dhírigh siad isteach ar an gcogadh sa tSiria, d'iarr siad an cheart d'Éirinn agus don Aontas Eorpach airm agus gunnaí a sheoladh go dtí na grúpaí frith-Rialtais sa tír sin. Dúirt 67% de na daoine go raibh siad in aghaidh an rud sin. Nuair a d'iarr siad an cheart d'Arm an Stát seo dul go dtí an tSiria, dúirt 61% de na daoine go raibh siad in aghaidh a leithéid de phlean. Nuair a d'iarr siad an cheart don tír seo tacaíocht a thabhairt don chogadh sa tSiria gan aon mhandáid ó na Náisiúin Aontaithe, dúirt 79% nár aontaigh siad leis an ráiteas sin.

For too long Governments, past and present, have shied away from putting the big questions to citizens. Instead, they have assumed the role of the patriarch who knows better and have kept decision making and policy away from the people. I take the Constitutional Convention as an example. Significant matters were discussed at the convention and detailed reports were produced containing recommendations on many issues. These reports have been ignored. There is a disconnect between the Government and the people on the issue of neutrality. A referendum would bring clarity to the State's policy and end the double and triple-speak we have had to endure. More importantly, it would democratise the position the country has adopted.

My colleagues have spoken about the ongoing abuse of Shannon Airport which is now basically a US military airport and shrouded in secrecy. The major issue is that this and previous Governments have colluded in that secrecy. Fianna Fáil in government signed Ireland up to Nato's so-called Partnership for Peace, which is a stepping stone to full membership. Why is the Government afraid to hear the democratic will of the people on this issue? The people have a right to decide whether the Constitution should enshrine the concept of neutrality. I hope Members of the House will not deny them that right.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.