Dáil debates

Friday, 6 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Triocha ar an mBunreacht (Neodracht) 2013: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha] - Thirty-fourth Amendment to the Constitution (Neutrality) Bill 2013: Second Stage [Private Members]

 

11:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I will try to wrap up má thugann tú deis gasta dom. Ba mhaith liom an méid a dúirt mé ag cruinniú coiste le déanaí mar gheall ar an bhfianaise atá ag Amnesty International maidir leis na gialla a bhí i Guantánamo a cheartú. Níl fianaise acu ó na gialla sin. Is léir, áfach, ó na ríomhphoist ó wikleaks agus a leithéid go raibh Aerfort na Sionainne gafa leis an cleachtas gránna sin ar a dtugtar "extraordinary rendition". Luaigh mo chomhghleacaí, an Teachta Seán Crowe, go leor den stuif eile a bhí mé chun a lua anseo. Bhí mé chun tagairt a dhéanamh do Wolfe Tone, mar shampla. Críochnóidh mé ar an bpointe seo. Ní raibh mé ag súil le haon rud eile ó Fine Gael ós rud é go bhfuil siad fite fuaite le fáil réidh leis an neodrachas más féidir leo. Bhí roinnt de na Teachtaí a bhí acu anseo cheana ag iarraidh go rachadh an tír seo isteach i NATO. Deireann ionadaithe Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil siad i bhfábhar an méid a bhí le rá ag James Connolly. Mo náire iad - b'fhéidir gur leor sin ag an staid seo. Is trua nach bhfuil an Rialtas sásta díriú ar seo in aon chor. Glacaim leis nach mbeadh Fianna Fáil ag déanamh aon rud eile. Dá mbeadh siad ag iarraidh casadh timpeall ar an ábhar seo, faoi mar a chas siad ar go leor ábhair eile, bheadh siad ag tabhairt bréag don mhéid a dhein siad nuair a bhí said sa Rialtas. Ba náireach an tslí a chas siad ar neodrachas na hÉireann nuair a bhí said sa Rialtas thar na blianta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.