Dáil debates

Friday, 6 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Triocha ar an mBunreacht (Neodracht) 2013: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha] - Thirty-fourth Amendment to the Constitution (Neutrality) Bill 2013: Second Stage [Private Members]

 

11:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé ríthábhachtach go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo inniu. Is trua nár glacadh le Bille eile dá leithéid a chuir muid chun tosaigh sa bhliain 2003, nuair ba léir do phobal na hÉireann - measaim go bhfuil sé soiléir fós - go raibh sé riachtanach go mbeadh neodrachas míleata istigh sa Bhunreacht i gceart. Is í sin an aidhm a bhí ann ag an am agus is í sin an aidhm atá againn inniu. Is léir ón méid a dúradh sa Teach seo sa bhliain 2003 gurb í sin an aidhm a bhíodh ag Páirtí an Lucht Oibre. Mar is gnáth, tá port iomlán difriúil acu anois. Ón am a bunaíodh an Stát seo, bhí port iomlán difriúil ag Páirtí an Lucht Oibre gach uile uair a chuaigh siad isteach sa Rialtas - mo náire iad. Dá dtabharfadh an Rialtas éisteacht cheart don mhéid a bhí le rá ag an Teachta Crowe, agus roinnt de na Teachtaí eile, thuigfeadh siad cén fáth gur chóir go mbeadh neodrachas míleata fite fuaite sa Bhunreacht sa tslí atá molta. Ní neutering orainn atá i gceist. Ní cheart go nglacfadh muid taobh amháin in aon chogadh thar taobh eile. Ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh síocháin a chothú sa domhain. Ba cheart go mbeadh prionsabal nó polasaí againn maidir le human security, coincheap nach bhfuil go leor plé déanta air sa tír seo. Ba cheart dúinn a bheith dírithe ar iarracht a dhéanamh a chinntiú nach bhfuil bochtanas sa domhain agus nach bhfuil éinne ag fáil bháis de bharr ocrais.

Chuala mé Teachta ag rá níos luaithe go bhfuil caiteachas míleata san Eoraip íslithe. Ní féidir a rá go bhfuil caiteachas míleata timpeall an domhain íslithe. Tá a lán comhlachtaí san Aontas Eorpach taobh thiar den chaiteachas sin a bhrú chun tosaigh. Tá siad ag baint tairbhe as an t-ardú ginearálta ó thaobh caiteachas míleata. Sa bhliain 2011, caitheadh €1,738 billiún ar armlón agus ar chúrsaí míleata timpeall an domhain. Tá sé sin scannalach ag an am céanna go bhfuil leath de dhaonra an domhain i gcruachás de bharr bochtanais. Gach uile bliain, tá na céadta míle duine ag fáil bháis leis an ocras. Caithfidh muid díriú isteach ar sin. Is é sin an prionsabal atá taobh thiar den pholasaí atá againn, agus a bhí ag poblachtánaigh thar na blianta. D'fhoilsigh mé doiciméad, Positive Neutrality in Action, sa bhliain 2004. Nuair a bhí an díospóireacht seo againn roimhe seo, dúradh linn nach raibh polasaí taobh thiar den mhéid a bhí le rá againn agus nár thuig muid cad a bhí i gceist. Leag mé amach go díreach cad a bhí i gceist agus an áit as ar tháinig sé ó thaobh stair na tíre seo. Bhí Positive Neutrality in Action mar theideal ar an bpolasaí a chuir mé le chéile sa bhliain 2004.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.